Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 6:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 agus do ḃlais deaġ‐ḃriaṫar Dé agus cuṁaċt an tsaoġail atá le teaċt,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do ḃlais deaġḃríaṫar Dé, agus suḃailciḋe an tsáoġail atá ċum teaċda,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 6:5
13 Iomraidhean Croise  

Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.


óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


Agus glacaiḋ clogad an tslánuiġṫe, agus claiḋeaṁ an Spioraid, is é sin briaṫar Dé:


Is tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur cumaḋ an doṁan tré ḃriaṫar Dé, ar ṁoḋ naċ de neiṫiḃ so‐ḟeicseanaċa do rinneaḋ na neiṫe doċítear.


Óir ní d’aingliḃ ṫug sé ceannas an tsaoġail atá le teaċt, ar a ḃfuilmíd ag tráċt.


Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe.


Aċt fanann briaṫar an Tiġearna go síorraiḋe. Agus is é briaṫar an tsoiscéil do craoḃscaoileaḋ ḋaoiḃ é seo.


má ḃlaiseaḃar go ḃfuil an Tiġearna lán de ṁaiṫeas.


Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan