Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 6:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Ṫeagusg na mbaisdeaḋ, agus leagaḋ na láṁ, agus eiséirġe na marḃ, agus an ḃreiṫeaṁnuis ṡíorruiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 6:2
57 Iomraidhean Croise  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Aċt d’iarr Eoin cosc do ċur leis, g‐á ráḋ, Is daṁ‐sa ba ċeart baisteaḋ d’ḟaġáil uait‐se, agus is ag teaċt ċugam‐sa atáir.


An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


agus ar ṫeaċt ó’n margaḋ ḋóiḃ, ní iṫeann siad, gan iad féin d’ionnlaḋ: agus is iomḋa sean‐ġnás eile tugaḋ ḋóiḃ le cleaċtaḋ, mar atá, na cupáin, agus na soiġṫiġ uṁa, agus na leapṫaċa do niġe.


Tréigeann siḃ aiṫne Dé, agus cleaċtann siḃ sean‐ġnáis daoine.


Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis an ḃFairisíneaċ, agus é ag féaċain air, nár niġ sé é féin roiṁ an mbéile.


Aċt atá agam baisteaḋ le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóiṁlíontar é!


agus béiḋ beannaċt ort; de ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ cúiteaṁ do ḋéanaṁ leat: óir cúiteoċar leat i n‐aiséirġe na ḃfíréan.


d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ:


Agus níor aiṫniġeas‐sa é: aċt an té do ċuir uaiḋ mé ag baisteaḋ le h‐uisce, aduḃairt sé liom, An té go ḃfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanaṁain air, is é sin an té ḃaisteas leis an Spiorad Naoṁ.


agus tiocfaiḋ siad amaċ: luċt déanta an ċirt go h‐aiséirġe na beaṫaḋ; agus luċt déanta an uilc go h‐aiséirġe na breiṫe.


An féidir le duine ar biṫ uisce do ḋiúltaḋ ḋúinn, gan leigin dúinn na daoine seo do ḃaisteaḋ, iad so do ġlac an Spiorad Naoṁ ċóṁ maiṫ linne?


Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.


Agus nuair do ḃí sí féin agus muinntear a tiġe baistṫe, do ċuir sí impiḋe orainn, g‐á ráḋ, Má’s é ḃúr meas go ḃfuilim dílis do’n Tiġearna, tagaiḋ isteaċ agus fanaiḋ im’ ṫiġ. Agus do ċuir sí d’ḟiacaiḃ orainn dul.


Agus do ġlac sé iad an uair ċéadna sin de’n oiḋċe, agus do niġ sé a gcneaḋaċa; agus do baisteaḋ é féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir ar an láṫair.


Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam.


Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.


agus go ḃfuil muiniġin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaiḋ aiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁ‐ḟíréan.


muna mbéaḋ an t‐aon ḟocal aṁáin do ġlaoḋas amaċ agus mé im’ ṡeasaṁ ’n‐a measc, Is é aiséirġe na marḃ an ċeist go ḃfuil breiṫ ’n‐a taoḃ d’á taḃairt orm os ḃúr gcóṁair indiu.


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


Cad ċuige a measann siḃ gur dí‐ċreidte an niḋ go n‐aiṫḃcoḋann Dia na mairḃ?


agus mío‐ṡásaṁ mór orṫa toisc iad ḃeiṫ ag teagasc na ndaoine, agus ag craoḃscaoileaḋ an aiséirġe ó na marḃaiḃ i bpearsain Íosa.


do ċuireadar iad sin i láṫair na n‐abstal: agus, tar éis dóiḃ guiḋe do ḋéanaṁ, do ċuireadar a láṁa orṫa.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.


agus gur baisteaḋ iad uile i Maois san néall agus san muir;


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad.


an té ċuirfeas malairt croṫa ar ċorp so ár h‐uṁlaiḋeaċta, ċum go ndéanfar cosṁail é le n‐a ċorp glórṁar féin, do réir an ċumais atá aige ċum gaċ uile niḋ do ṫaḃairt fá n‐a ċeannas féin.


atá siḃ aiṫḃeoḋuiġṫe mar aon leis tré ċreideaṁ i gcuṁaċt Dé do ṫóg ó na marḃaiḃ é.


daoine do ċuaiḋ ar seaċrán ó’n ḃfírinne, g‐á ráḋ go ḃfuil an aiséirġe ṫart ċeana, agus atá ag milleaḋ creidiṁ daoine áiriṫe.


Fuair mná a mairḃ ar ais tré aiséirġe: agus do ḃí cuid eile do ciapaḋ, ag diúltú do’n tsliġe éalóiḋ; ċum go ḃfaiġdís aiséirġe dob’ ḟearr:


naċ ḃfuil ionnta (idir biaḋa, agus deoċa, agus ionnlaiḋṫe éagsaṁla) aċt gnáṫ‐nósanna saoġalta, do cuireaḋ ar bun go dtí aimsir an ċeartuiġṫe.


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan