Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 6:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 ċum naċ n‐éireoċaḋ siḃ leisceaṁail, aċt go ndéanfaḋ siḃ aiṫris ar na daoiniḃ fuair na geallaṁnaċa mar oiḋreaċt de ḃárr creidiṁ agus foiḋne.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ionnas náċ mbiáḋ siḃ lesgeaṁuil, aċd ḃur luċd leanṁana ag an druing agá ḃfuil oiġreaċd na ngeallaṁnaċ tré ċreideaṁ agus tré ḟoiġid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 6:12
36 Iomraidhean Croise  

mar adeir sé, Is mise Dia Abraċaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib? Ní h‐é Dia na marḃ é, aċt Dia na mbeo.


Aċt d’ḟreagair a ṫiġearna agus aduḃairt sé leis, A ḋroċ‐ṡearḃónta ḋíoṁaoin, do ḃí a ḟios agat go mbainim i n‐áit nár ċuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár ċáiṫeas;


Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.


Agus an ċuid atá sa talaṁ maiṫ, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriaṫar le deaġ‐ċroiḋe macánta, agus congḃuiġeann siad é, agus do‐ḃeir siad toraḋ go foiġdeaċ uaṫa.


gan ḃeiṫ fallsa i ndúṫraċt; ḃeiṫ díoġraiseaċ i spiorad; ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna;


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


agus ’n‐a aṫair do luċt an timċeall‐ġearrṫa, toisc naċ é aṁáin gur timċeall‐ġearraḋ iad, aċt go leanann siad lorg an ċreidiṁ do ḃi ag ár n‐aṫair Abraċam an tráṫ ’n‐a raiḃ sé gan timċeall‐ġearraḋ.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


ionnas go ḃfuilmíd féin ag maoiḋeaṁ asaiḃ i n‐eaglaisiḃ Dé as uċt ḃur ḃfoiḋne agus as uċt ḃur gcreidiṁ i lár gaċ géirleanaṁna agus anró ḟulaingeas siḃ.


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


Óir atá gáḃaḋ le foiḋne agaiḃ, ar ṁoḋ, ṫar a éis daoiḃ toil Dé do ḋéanaṁ, go ḃfaiġiḋ siḃ a ḃfuil geallta ḋaoiḃ.


daoine do ċlaoiḋ ríoġaċta tré ċreideaṁ, do rinne an ceart, fuair na geallaṁnaċa, do ḋún béal na leoṁan,


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ.


Tá mórán againn le ráḋ ’n‐a ṫaoḃ‐san, agus is deacair a ṁíniú de ċionn go ḃfuil maill‐eisteaċt oraiḃ.


Agus mar sin, tar a éis dó fanaṁain go foiġdeaċ, fuair sé a raiḃ geallta ḋó.


nuair ṫuiteas siḃ i gcaṫuiġṫiḃ éagsaṁla; agus a ḟios agaiḃ go dtugann fróṁaḋ ḃur gcreidiṁ seasṁaċt.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Cibé duine ṫreoruiġeas ċum daor‐ḃroide, is ċum daor‐ḃroide raċas sé; cibé duine ṁarḃas le claiḋeaṁ, ní foláir a ṁarḃaḋ féin le claiḋeaṁ. Annso is eaḋ atá foiġid agus creideaṁ na naoṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan