Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 5:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 is eisean, giḋ gur Ṁac é, d’ḟoġlaim uṁlaċt de ḃárr ar ḟulaing sé:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus bíoḋ gur be an Mac é, dfoġluim sé úṁlaċd as na neiṫiḃ do ḟulaing sé;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 5:8
13 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair Íosa é, agus aduḃairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuiḃe gaċ dliġe do ċóiṁlíonaḋ. Agus do ġéill sé ḋó an t‐am sin.


Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Óir ní ċum mo ṫoil féin do ḋéanaṁ ṫáinig mé anuas ó neaṁ, aċt ċum toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ.


agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin.


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


Óir cia aca de na h‐aingliḃ go nduḃairt sé ariaṁ leis, Is tusa mo Ṁac, Indiu do ġeineas ṫú? agus arís, Béiḋead‐sa im’ Aṫair dó, Agus béiḋ seisean ’n‐a Ṁac dom?


Aċt do’n Mac adeir sé, Atá do riġ‐ċaṫaoir‐se, ann a Ḋia, go saoġal na saoġal, Agus slat an ċoṫruim is eaḋ slat ríoġa do ríoġaċta.


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan