Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 5:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 5:7
38 Iomraidhean Croise  

Agus timċeall na naoṁaḋ h‐uaire do ġlaoḋ Íosa amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Élí, Elí, lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?


Agus d’éiġiṁ Íosa arís de ġuṫ árd, agus ṫug sé a anam uaiḋ.


Agus sa naoṁaḋ h‐uair do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, Elóí, Elóí, Lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréigis mé?


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus d’imṫiġ an t‐anam as.


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Do ḃris a ġol ar Íosa.


Agus do ḃí a ḟios agam go n‐éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe: aċt mar ġeall ar an sluaġ atá ’n‐a seasaṁ im’ ṫimċeall aduḃras é, ċum go gcreidfidís gur ċuiris uait mé.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo.


Uime sin, ag teaċt isteaċ san tsaoġal dó, adeir sé, Íoḋbairt agus ofráil níorḃ áil liom, Aċt d’ullṁuiġis corp dom;


Tré ċreideaṁ Naoi, iar ḃfáġáil raḃaiḋ ó Ḋia i dtaoḃ na neiṫe naċ raiḃ fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramaċt do ċuir sé áirc i gcóir ċum a ṫeaġlaċ féin do ṡáḃáil: agus d’á ḃárr sin do ċionntuiġ sé an saoġal, agus do rinneaḋ oiḋre na fíréantaċta atá tré ċreideaṁ ḋe.


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe,


D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;


agus gaċ spiorad naċ n‐adṁuiġeann Íosa, ní ó Ḋia atá sé: agus is é spiorad an ain‐ċríosta é, go gcualaḃar scéal go raiḃ sé le teaċt; agus atá sé san tsaoġal ċeana féin.


Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan