Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 5:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Óir gaċ duine beaṫuiġtear ar ḃainne, atá sé gan taiṫiġe ar ḃriaṫar na fíréantaċta: leanḃ is eaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Oír gaċ áon ċleaċdas bainne atá sé neaṁíulṁar a mbréiṫir na fíréuntaċda: (óir is náoiḋe é.)

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 5:13
15 Iomraidhean Croise  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe.


id’ oide do luċt diṫ‐céilliḋe, id’ ṁúinteoir do leanḃaiḃ, toisc múnla an eolais agus na fírinne ḃeiṫ agat san dliġe;


Nuair do ḃíos im’ leanḃ, do laḃras nós leinḃ, do ṫuigeas mar ṫuigfeaḋ leanḃ, is ciall leinḃ do ḃí agam: aċt ar mbeiṫ im’ ḟear dom, do ḃíos réiḋ le neiṫiḃ leanḃaiḋe.


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, níor ḟéadas laḃairt liḃ‐se mar laḃarfainn le daoiniḃ spioradálta, aċt mar laḃarfainn le saoġaltánaċaiḃ, le leanḃaiḃ i gCríost.


Óir má tá miniostrálaċt an damnuiġṫe glórṁar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálaċt na fíréantaċta glórṁar.


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


Is ó Ḋia ṫáinig gaċ scrioptúir, agus atá sí fóġantaċ ċum teagaisc, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirċeadail i ḃfíréantaċt:


agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;


óir an té ḃeannuiġeas dó atá sé páirteaċ ’n‐a ḋroċ‐ġníoṁarṫaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan