Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 5:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir gaċ árd‐ṡagart d’á dtógtar as lár na ndaoine, órduiġtear é ar son na ndaoine san méid ḃaineas le Dia ċum tíoḋlaicṫe agus íoḋbarṫa d’ofráil ar son na bpeacaḋ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Oir gaċ uile árdsagart, ṫógṫar ó ḋáoiniḃ is ar son dáoineaḋ orduiġear é a dtáoḃ na neíṫeann ḃeanas ré Día, ċum ofrála agus íoḋbarṫa do ḋéunaṁ ar son peacaḋ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 5:1
17 Iomraidhean Croise  

Uime sin atá cúis mórtais agam i nÍosa Críost san méid ḃaineas le Dia.


Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir:


Agus a ḟaid agus ṡeasuiġeann gaċ sagart lá i ndiaiḋ lae ag frioṫáileaṁ, agus go minic ag ofráil na n‐íoḋbairt céadna,


naċ ḃféadann peacaiḋe do ġlanaḋ: aċt an té seo, tar a éis dó aon íoḋbairt aṁáin d’ofráil ar son na bpeacaiḋe go deo, is aṁlaiḋ do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé;


Is tré ċreideaṁ d’ofráil Aibial do Ḋia íoḋbairt dob’ ḟearr ’ná íoḋbairt Ċáin; agus d’á ḃárr sin fuair sé an teist gurḃ ḟíréan é, Dia ag glacaḋ le n‐a ṫíoḋlaicṫiḃ: agus d’á ḃárr sin laḃrann sé fós, agus é marḃ.


Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.


agus é níos áirde ’ná na flaiṫis: naċ gáḃaḋ ḋó, ar nós na n‐árd‐ṡagart úd, íoḋbarṫa d’ofráil go laeṫeaṁail, ar son a ṗeacaiḋe féin ar dtús, agus ar son peacaiḋe an ṗobail ’n‐a ḋiaiḋ sin: óir do rinne sé an t‐aon uair aṁáin é, d’á ofráil féin mar íoḋbairt.


Óir órduiġtear gaċ árd‐ṡagart ċum taḃartaisí agus íoḋbarṫa d’ofráil: agus d’á ḃriġ sin ní foláir do’n árd‐ṡagart niḋ éigin ḃeiṫ aige le n’íoḋbairt.


Óir dá mbéaḋ sé ar talaṁ ní ḃéaḋ sé ’n‐a ṡagart ar ċor ar biṫ, toisc sagairt ofrálas taḃartaisí de réir an dliġe ḃeiṫ ann;


Saṁlaoid de’n aimsir atá ann fá láṫair is eaḋ é: is ann ofráltar taḃartaisí agus íoḋbarṫa naċ ḃféadann coinsias an aḋraṫóra do ḋéanaṁ saor ó loċt;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan