Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Tuguiḋ aire riḃ, a ḋearḃráiṫre, náċ mbiáiḋ ḋroċ ċroíḋe gan ċreideaṁ ag éinneaċ aguiḃ uáir ar biṫ, ré dtuitfeaḋ siḃ ón Día ḃeó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 3:12
37 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire ar eagla go meallfaiḋ aoinneaċ siḃ.


Aċt taḃraiḋ‐se aire: féaċ, atá gaċ niḋ mniste agam daoiḃ roiṁ ré.


Taḃraiḋ aire, biḋiḋ ag faire agus ag guiḋe: óir ní fios daoiḃ cá ḟaide go dtiocfaiḋ an t‐am.


Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.


óir munar spáráil Dia na géaga dúṫċasaċa, ní móide go spáráilfiḋ sé ṫusa.


Uime sin, an té ṁeasas ḃeiṫ ’n‐a ṡeasaṁ, taḃraḋ sé aire ar eagla go dtuitfeaḋ sé.


Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:


Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,


agus arís, Ḃéarfaiḋ an Tiġearna breiṫ ar a ṗobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir láṁaiḃ an Dé ḃeo.


Aċt mairfiḋ m’ḟíréan tré ċreideaṁ; Agus má ċasann sé siar, ní ḟuil taiṫneaṁ a ṫuilleaḋ ag m’anam ann.


ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;


aċt is aṁlaiḋ atá siḃ tagṫa go Sliaḃ Síoin, go caṫair an Dé ḃí, go h‐Iarúsalem neaṁḋa, agus go dtí na mílte as cuimse de ṡluaiġtiḃ na n‐aingeal,


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


D’á ḃriġ sin do ḃíos i ḃfeirg leis an ngeinealaċ úd; Agus aduḃart, Bíonn siad i gcóṁnaiḋe ag dul amuḋa ’n‐a gcroiḋe: Agus do ḃíodar gan eolas ar mo ṡliġṫiḃ;


Ċímíd, d’á ḃriġ sin, nár ḟéadadar dul isteaċ ann mar ġeall ar easbaiḋ creidiṁ.


naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan