Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Uime sin, a ḋearḃráiṫre náoṁṫa, agá ḃfuil ḃur gcuid ranna don ġairm neaṁḋa, tuguiḋ ḋá ḃur náire Absdal agus Ardṡagart ar nadṁála, eaḋon Iósa Críosd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 3:1
63 Iomraidhean Croise  

Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


Aduḃairt sé annsin le Tomás, Cuir do ṁéar annso, agus féaċ mo láṁa; agus sín annso do láṁ, agus cuir isteaċ im’ ṫaoḃ í: agus ná bí díċreidṁeaċ, aċt bí creidṁeaċ.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn:


Do ḃí fonn mór orṫa é sin do ḋéanaṁ, mar ḃíodar i ḃfiaċaiḃ aca. Óir má ḃí na Cineaḋaiġ rannṗáirteaċ leo i neiṫiḃ spioradálta, ba ċeart dóiḃ caḃrú leo i neiṫiḃ saoġalta.


Óir adeirim go raiḃ Íosa Críost ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag luċt an timċeall‐ġearrṫa, ċum fírinne Dé do ċruṫú, ċum go ndaingneoċaḋ sé na geallaṁnaċa tugaḋ do na sinnsearaiḃ,


is é sin dúinne, do ġlaoḋ sé, ní h‐é as na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin, aċt as na Cineaḋaċaiḃ mar an gcéadna?


agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:


Ó ṫárla aon ḃollóg aṁáin ḃeiṫ ann, giḋ go ḃfuil a lán dínn ann, is aon ċorp aṁáin sinn; mar ġlacaimíd uile de’n aon ḃollóig aṁáin.


Agus is ar son an tsoiscéil do‐ġním gaċ niḋ, ċum go mbéinn rannṗáirteaċ ann.


agus is daingean an dóċas atá againn ’n‐ḃur dtaoḃ, de ċionn gur ab eol dúinn, fá mar tá siḃ ċóṁṗáirteaċ ins na piantaiḃ, go ḃfaiġiḋ siḃ ḃur gcuid féin de’n tsólás, leis.


agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine;


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


Ní ḟuil ann aċt an t‐aon ċorp aṁáin, agus an t‐aon Spiorad aṁáin, fá mar glaoḋaḋ siḃ ċum aon dóċais aṁáin ḃaineas le n‐ḃur ngairm;


atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost.


ag breiṫ buiḋeaċais leis an Aṫair, do rinne sinn oireaṁnaċ ċum ḃeiṫ rannṗáirteaċ i n‐oiḋreaċt na naoṁ san tsolas.


siḃ réiḋtiġṫe leis anois tré ċorp a ḟeola de ḃárr an ḃáis, ċum siḃ do ṫaḃairt naoṁṫa, gan loċt, gan cionnta ’n‐a ḟiaḋnaise,


D’á ḃriġ sin, mar ḋéanfaḋ clann toġṫa Dé, naoṁṫa agus ionṁain, cuiriḋ umaiḃ croiḋe trócaire, muinntearas, uṁlaċt, macántaċt, fad‐ḟulang;


agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.


Cuirim mar aṫcuinġe oraiḃ as uċt an Tiġearna an eipistil seo do ċur d’á léiġeaṁ do na bráiṫriḃ go léir.


Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt,


Ċuige sin is eaḋ do ġlaoḋ sé tré n‐ár soiscéal siḃ, ċum glóir ár dTiġearna Íosa Críost d’ḟáġáil.


Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe.


Agus an méid go ḃfuil máiġistrí ċreideas aca, ná bíoḋ dí‐ṁeas aca orṫa, toisc gur bráiṫre iad; aċt go mb’ ḟearrde an tseirḃís ḋéanfas siad dóiḃ é, toisc gur creidṁiġ ion‐ġráduiġṫe na daoine ḃaineas an tairḃe as a seirḃísí. Múin agus mol na neiṫe seo.


do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,


Breaṫnuiġ a ḃfuil d’á ráḋ agam; óir ḃéarfaiḋ an Tiġearna tuigsin san uile niḋ ḋuit.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ó tá sé de ḋánaċt againn dul isteaċ san áit naoṁṫa tré ḟuil Íosa,


is é sin a ḟeoil féin; agus de ḃriġ go ḃfuil árd‐ṡagart againn os cionn tiġe Dé;


coiṁeádaimís go daingean an dóċas adṁuiġmíd ċum naċ lagaiḋ sé; óir is dílis an té ṫug an ġeallaṁain:


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ.


Óir an té naoṁuiġeas agus na daoine naoṁuiġtear, is ó uġdar aṁáin ṫáinig siad: uime sin ní nár leis bráiṫre do ṫaḃairt mar ainm orṫa,


Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.


Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:


agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ;


mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


Óir do‐ġní an dliġe sagairt d’ḟearaiḃ naċ ḃfuil saor ó laige; aċt briaṫar an ṁionna, ṫáinig i ndiaiḋ na dliġe, d’órduiġ sé Mac atá foirḃiġṫe go deo.


Aċt, iar dteaċt do Ċríost mar árd‐ṡagart na n‐aoiḃneas atá le teaċt, tré ṫabernacal is mó agus is iomláine, naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, is é sin naċ de’n tsaoġal so,


Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


Óir na mná naoṁṫa fad ó, go raiḃ a muiniġin as Dia, is ar an gcuma sin do ṁaisiġeadar iad féin, agus iad uṁal d’á ḃfearaiḃ féin:


Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar:


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost:


Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:


Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan