Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 2:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Air a naḋḃarsin bá cóir ḋó ḃeiṫ cosṁuil ré na ḋearḃráiṫriḃ sna huile neiṫiḃ, ionnus go mbíaḋ sé trócaireaċ agus na ardṡagart díleas sna neiṫiḃ ḃeanas ré Día, ċum an ṗubail do ġlanaḋ ó na bpeacaiḋiḃ maille ré na ioḋbairt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 2:17
37 Iomraidhean Croise  

Uime sin atá cúis mórtais agam i nÍosa Críost san méid ḃaineas le Dia.


Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.


ag déanaṁ síoṫċána; agus iad do réiḋteaċ le ċéile i gcorp aṁáin ċum Dé de ḃárr na croise, ag marḃaḋ an náiṁdeaċais d’á ċionn sin:


Agus siḃ‐se do ḃí lá de’n traoġal ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ agus ’n‐ḃur náiṁdiḃ ’n‐ḃur n‐aigne de ḋeascaiḃ ḃur ndroċ‐ġníoṁarṫa, atá


is é sin a ḟeoil féin; agus de ḃriġ go ḃfuil árd‐ṡagart againn os cionn tiġe Dé;


Óir an té naoṁuiġeas agus na daoine naoṁuiġtear, is ó uġdar aṁáin ṫáinig siad: uime sin ní nár leis bráiṫre do ṫaḃairt mar ainm orṫa,


D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;


Óir go dearḃṫa, ní ċum na n‐aingeal ṫig sé le congnaṁ, aċt ċum sleaċta Abraċaim.


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


do ḃí dílis do’n té d’órduiġ é, mar ḃí Maois ’n‐a ṫiġ‐sean uile.


Agus go dearḃṫa, do ḃí Maois dílis mar ṡeirḃíseaċ ’n‐a ṫiġ‐sean uile, ċum fiaḋnaise do ṫaḃairt ar na neiṫiḃ do ḃí le h’innsin ’n‐a ḋiaiḋ sin;


D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


Óir gaċ árd‐ṡagart d’á dtógtar as lár na ndaoine, órduiġtear é ar son na ndaoine san méid ḃaineas le Dia ċum tíoḋlaicṫe agus íoḋbarṫa d’ofráil ar son na bpeacaḋ:


d’á ainmniú ag Dia mar árd‐ṡagart do réir úird Ṁelcisidec.


agus is fear é, gur féidir leis gan ḃeiṫ ro‐ḋian ar na daoiniḃ ṫéiġeas amuḋa tré aineolas, de ċionn naċ ḃfuil sé féin gan a ċion féin de’n laige.


Ar an gcuma ċéadna níorḃ uaiḋ féin do ġlac Críost an onóir ċuige féin go ndéanfaiḋe sagart de, aċt ó’n té aduḃairt leis, Is tusa mo Ṁac, Indiu do ġeineas ṫú:


mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


Óir do‐ġní an dliġe sagairt d’ḟearaiḃ naċ ḃfuil saor ó laige; aċt briaṫar an ṁionna, ṫáinig i ndiaiḋ na dliġe, d’órduiġ sé Mac atá foirḃiġṫe go deo.


Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ,


Óir órduiġtear gaċ árd‐ṡagart ċum taḃartaisí agus íoḋbarṫa d’ofráil: agus d’á ḃriġ sin ní foláir do’n árd‐ṡagart niḋ éigin ḃeiṫ aige le n’íoḋbairt.


Aċt, iar dteaċt do Ċríost mar árd‐ṡagart na n‐aoiḃneas atá le teaċt, tré ṫabernacal is mó agus is iomláine, naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, is é sin naċ de’n tsaoġal so,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan