Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 2:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Óir an té naoṁuiġeas agus na daoine naoṁuiġtear, is ó uġdar aṁáin ṫáinig siad: uime sin ní nár leis bráiṫre do ṫaḃairt mar ainm orṫa,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Oír an tí náoṁus agus an dream do niṫear náoṁṫa is ó aon íad uile: uime sin ní ġaḃann aḋnáire é fá ḋearḃráiṫriḃ do ġairm ḋíoḃ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 2:11
19 Iomraidhean Croise  

Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: imṫiġiḋ agus abraiḋ lem’ ḃráiṫriḃ imṫeaċt do’n Ġalilé, agus do‐ċífiḋ siad annsin mé.


Agus ag dearcaḋ ḋó ṫart ’n‐a ṫiṁċeall orṫa‐san do ḃi ’n‐a suiḋe ’n‐a ṫimċeall, aduḃairt sé, Féaċaiḋ, is iad sin mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre!


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal.


Agus is ar a son‐san ċoisreacaim mé féin, ċum go mbéidís féin coisreacṫa san ḃfírinne.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


agus do‐rinne sé ó aon duine aṁáin an cineaḋ daonna uile, ċum ḃeiṫ ’n‐a gcóṁnaiḋe ar uaċtar na talṁan, agus do ċeap sé ḋóiḃ a dtréiṁse agus a dteoranta;


óir is ann ṁairimíd, agus ċorruiġmíd, agus atáimíd; fá mar aduḃairt daoine de ḃúr ḃfiliḃ féin, Óir is d’á ṡlioċt‐san sinn.


Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo.


Óir de ḃárr aon íoḋbarṫa aṁáin d’ḟoirḃiġ sé go deo na daoine atá naoṁuiġṫe.


Aċt anois cuireann siad dúil i ndúṫaiġ atá níos fearr ’ná í, dúṫaiġ neaṁḋa: uime sin ní nár le Dia go nglaoḋfaiḋe a nDia‐san mar ainm air: óir atá caṫair curṫa aige i n‐áiriṫe ḋóiḃ.


Ar an aḋḃar sin d’ḟulaing Íosa, leis, taoḃ amuiġ de’n ġeata, ċum go naoṁóċaḋ sé an pobal le n‐a ḟuil féin.


D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan