Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.
Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.
lán de ġáirdeaċas, do’n Aon‐Dia aṁáin, ár Slánuiġṫeoir, tré Íosa Críost ár dTiġearna, dó‐san go raiḃ glóir, mórḋaċt, neart agus cuṁaċt, mar ḃí ariaṁ, mar tá anois, agus mar ḃéas go saoġal na saoġal, Amen.
g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.
EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;