Neaḃruiḋeaċ 13:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)7 Bíoḋ cuiṁne aguiḃ ar luċd ḃur dtréoruiġe, noċ do laḃair bríaṫar Dé riḃ: agus leanuiḋ ḋá gcreideaṁ, ag taḃairt aire ré críoċ a gcoinḃearsáide: Faic an caibideil |
Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.