Agus ní raiḃ aċt aon ċroiḋe agus aon aigne aṁáin aca‐san do ċreid: agus ní raiḃ duine aca aduḃairt gur leis féin aon niḋ d’á raiḃ ’n‐a ṡeilḃ; aċt do ḃí gaċ niḋ go coitċeann aca.
Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.
Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;
Má deir aoinneaċ, Atá gráḋ do Ḋia agam, agus fuaṫ dó ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is bréagaire é; óir an té atá gan gráḋ do’n ḃráṫair do ċonnaic sé, ní féidir leis gráḋ do ṫaḃairt do Ḋia naċ ḃfaca sé.