Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.
ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.
Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.