Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 12:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir saṁluiġiḋ liḃ féin an té gur cuireaḋ cóṁ mór sin ’n‐a ċoinniḃ, agus peacaiġ g‐á ṡéanaḋ, ċum naċ n‐éireoċaiḋ siḃ lag, claoiḋte ’n‐ḃur n‐anmannaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír smuáiniġ riḃ féin ar an tí úd do ḟulaing a ṡaṁuil sin do ċaint do ċurn a aguiḋ féin ó ṗeacaċuiḃ, deagla ḋul a dtuirse agus a nanḃfainne ḋiḃ ann ḃur ninntinniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 12:3
46 Iomraidhean Croise  

Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.


Aċt nuair do‐ċuala na Fairisíniġ é, aduḃradar, Ní ċaiṫeann an fear so na deaṁain amaċ aċt tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan.


Cad ċuige a sáruiġeann do ḋeisceabail‐se gnáiṫ‐ċleaċta na seanóir? óir ní niġeann siad a láṁa nuair ḃíos siad ag caiṫeaṁ biḋ.


Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit?


Agus nuair ṡanntuiġeadar greim d’ḟáġáil air, do ḃí eagla orṫa roiṁ na daoiniḃ, óir do ṁeasadar‐san gurḃ ḟáiḋ é.


Annsin d’imṫiġ na Fairisíniġ, agus do ċuadar i gcóṁairle g‐á ṁeaḃrú cionnas do ċuirfidís i dteannta é sa gcainnt.


Agus ṫarla, nuair do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ duine d’uaċtaránaiḃ na ḃFairisíneaċ ċum biaḋ do ċaiṫeaṁ, lá na sabóide, go raḃadar ag faire air.


Agus dorinne na Fairisíniġ agus na scríoḃaiḋṫe gearán, g‐á ráḋ, Fáiltiġeann an fear so roiṁ na peacaċaiḃ, agus iṫeann sé ’n‐a gcuiḃreann.


Agus do ḃí na Fairisíniġ, dream do ḃí tugṫa do’n tsainnt, do ḃí siad ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin uile; agus do‐rinneadar magaḋ faoi.


agus do ḃeannuiġ Simeon iad, agus aduḃairt sé le Muire, a ṁáṫair, Féaċ, atá sé seo ceapṫa ċum leagṫa agus ċum aiséiriġṫe móráin i nIsrael, agus ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁarṫa go gcuirfear ’n‐a aġaiḋ;


Agus do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar ċeasnú, agus iad g‐á ráḋ, Cia h‐é seo atá ag laḃairt dia‐ṁasla? Cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ, aċt Dia aṁáin?


Agus aduḃairt mórán aca, Atá deaṁan ann, agus is ar buile atá sé; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag éisteaċt leis?


Ar n‐a ráḋ sin dó, do ḃuail duine de na h‐oifigeaċaiḃ do ḃí láiṫreaċ ’n‐a ṡeasaṁ, ḃuail sé buille boise ar Íosa, g‐á ráḋ, An mar sin do‐ḃeir tú freagra ar an árd‐ṡagart?


Ar an aḋḃar sin do ḃí na h‐Iúdaiġ ag gaḃáil d’Íosa, toisc na neiṫe sin do ḋéanaṁ lá na sabóide.


Agus do ḃí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a ṫaoḃ: aduḃairt cuid aca, Is fear maiṫ é; aduḃairt cuid eile, Ní h‐eaḋ, aċt ag meallaḋ na ndaoine atá sé.


Agus aduḃairt na Fairisíniġ leis, Atá tú ag taḃairt fiaḋnaise id’ ṫaoḃ féin, ní ḟuil t’ḟiaḋnaise fírinneaċ.


Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ.


Annsin do ṫógadar cloċa le caiṫeaṁ leis: aċt do ċuaiḋ Íosa i ḃfolaċ, agus d’imṫiġ sé as an teampall.


Do‐ċuala cuid de na Fairisíneaċaiḃ do ḃí ’n‐a ḟoċair é sin, agus aduḃradar leis, An ḃfuilmíd‐ne dall, leis?


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ:


Uime sin ní ċailleann ar ár meisneaċ; aċt giḋ go mbíonn an taoḃ amuiġ de’n duine ag meaṫ orainn, atá an taoḃ istiġ de d’á aṫnuaḋaḋ ó lá go ċéile.


Agus ná h‐éiriġmís tuirseaċ ag déanaṁ maiṫeasa: óir bainfimíd toraḋ i n‐am oireaṁnaċ, muna dtagaiḋ lag‐spioraidiġe orainn.


Aċt, a ḃráiṫre, ná biḋiḋ‐se tuirseaċ ag déanaṁ maiṫeasa.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


agus atá dearmad déanta agaiḃ ar an spreagaḋ tugaḋ ḋaoiḃ mar ḃéaḋ do ċlann‐ṁac, A ṁic, ná déan neaṁ‐ṡuim de smaċt an Tiġearna, Agus ná caill meisneaċ nuair ċeartuiġeas sé ṫú;


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


Nuair do cáineaḋ é, ní ḋearna sé aṫċáineaḋ; nuair d’ḟulaing sé, ní ḋearna sé bagairt; aċt do ċuir sé é féin fá ċuṁdaċ an té do‐ḃeir breiṫeaṁnas ceart:


agus go ḃfuil foiġid agat agus gur ḟulaingis ar son m’ainme, agus nár éiriġis tuirseaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan