Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 11:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur cumaḋ an doṁan tré ḃriaṫar Dé, ar ṁoḋ naċ de neiṫiḃ so‐ḟeicseanaċa do rinneaḋ na neiṫe doċítear.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 As tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur crúṫuiġeaḋ an doṁan tré ḃréiṫir Dé, ionnas go ndearnaḋ neiṫe sóḟaicsiġ do na neiṫiḃ dóḟaícsiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 11:3
17 Iomraidhean Croise  

Is tríd‐sean do rinneaḋ an uile niḋ, agus ’na éagmais‐sean ní dearnaḋ éinniḋ d’á ḃfuil ann.


ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


An Dia do‐rinne an doṁan agus a ḃfuil ann, ó’s é Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ do‐rinneaḋ le láṁaiḃ;


(mar atá scríoḃṫa, Do‐rinneas aṫair d’á lán cineaḋ ḋíot), i ḃfiaḋnaise an té ’n‐ar ċreid sé, Dia, do‐ḃeir beaṫa do na marḃaiḃ, agus ġlaoḋas ar na neiṫiḃ naċ ḃfuil ann fá mar ḃéaḋ siad ann.


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


óir beannuiġtear é tré ḃriaṫar Dé agus tré urnaiġe.


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


agus do ḃlais deaġ‐ḃriaṫar Dé agus cuṁaċt an tsaoġail atá le teaċt,


Óir is é is toil leo a ḋearmad, go raiḃ na spéarṫa ann fad ó, agus go raiḃ doṁan ann do rinneaḋ le briaṫar Dé d’uisce agus tré uisce:


g‐á ráḋ, Is fiú ṫú, a Ṫiġearna agus a Ḋia an ġlóir agus an onóir agus an ċuṁaċt d’ḟáġáil: óir is tú do ċruṫuiġ na h‐uile neiṫe, agus is ded’ ṫoil‐se atá siad ann, agus do cruṫuiġeaḋ iad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan