Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 10:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Tar a éis dó a ráḋ de’n ċéad uair, Níorḃ áil liom íoḋbarṫa agus ofrála, agus íoḋbarṫa loiscṫe, agus íoḋbarṫa ar son peacaiḋ, agus ní raiḃ aon taiṫneaṁ agat ionnta (neiṫe íoḋbartar do réir an dliġe),

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ar na ráḋ ṡúas dó, Níor ḃáil leaċd do ioḋbairt ná ofráil ná ioḋbarṫa loisge ná ioḋbarṫa ar son ṗeacuiġ, agus ní raiḃ fonn agad ionnta; (noċ do niṫear ḟoráil réir an reaċda;)

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 10:8
4 Iomraidhean Croise  

agus a ġráḋaḋ ó’n gcroiḋe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an ċóṁarsa do ġráḋaḋ mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íoḋbarṫa dóiġte agus na h‐ofrála go léir.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


Uime sin, ag teaċt isteaċ san tsaoġal dó, adeir sé, Íoḋbairt agus ofráil níorḃ áil liom, Aċt d’ullṁuiġis corp dom;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan