agus a ġráḋaḋ ó’n gcroiḋe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an ċóṁarsa do ġráḋaḋ mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íoḋbarṫa dóiġte agus na h‐ofrála go léir.
Óir an dliġe, ag a ḃfuil scáil na n‐aoiḃneas atá le teaċt, ní h‐í íoṁáiġ ḟíor na neiṫe féin, ní ḟéadann sé na daoine ṫig i ḃfogas d’ḟoirḃiú leis na h‐íoḋbarṫaiḃ ofráltar de ġnáṫ ó ḃliaḋain go bliaḋain.
Tar a éis dó a ráḋ de’n ċéad uair, Níorḃ áil liom íoḋbarṫa agus ofrála, agus íoḋbarṫa loiscṫe, agus íoḋbarṫa ar son peacaiḋ, agus ní raiḃ aon taiṫneaṁ agat ionnta (neiṫe íoḋbartar do réir an dliġe),