Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 10:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Aċt ní daoine de’n dream ċasas siar agus cailltear sinne, aċt daoine de’n dream ċreideas ċum a n‐anam do ṡlánú.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Giḋeaḋ ní sinne an drung ṫéid air ccúl ċum dámnuiġṫe; aċd ċreideas ċum a nanma ṡlánúġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 10:39
28 Iomraidhean Croise  

An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Imṫiġeann sí annsin agus do‐ḃeir sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteaċ agus do‐ġní siad cóṁnaiḋe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireaḋ ’ná do ḃí a ċéad staid.


An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Óir ní ċum díḃeirge do ċeap Dia sinn, aċt ċum slánuġaḋ d’ḟáġáil tré n‐ár dTiġearna Íosa Críost,


Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús,


Aċt na daoine gur rún leo ḃeiṫ saiḋḃir, tuiteann siad i gcaṫú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainṁianta éigciallaiḋe, díoġḃálaċ, ḃáḋas daoine i n‐aiṁleas agus i ndamnú.


Óir má ġnímíd peacaḋ d’ár ndeoin féin tar a éis dúinn eolas na fírinne d’ḟáġáil, ní fágṫar aon íoḋbairt eile ar son na bpeacaiḋe,


Aċt mairfiḋ m’ḟíréan tré ċreideaṁ; Agus má ċasann sé siar, ní ḟuil taiṫneaṁ a ṫuilleaḋ ag m’anam ann.


Anois is é is creideaṁ ann, ḃeiṫ dearḃṫa de na neiṫiḃ go ḃfuiltear ag súil leo, ḃeiṫ cinnte fá neiṫiḃ naċ ḃfeictear.


atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ.


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Má ċíonn aoinneaċ a ḃráṫair ag déanaṁ peacaiḋ naċ ḃfuil ċum báis, iarrfaiḋ sé, agus ḃéarfaiḋ Dia beaṫa ḋó le h‐aġaiḋ na ndaoine naċ ndéanann peacaḋ ċum báis. Atá peacaḋ ċum báis ann; ní abraim go mba ċeart dó guiḋe ar a ṡon sin.


Agus cia h‐é ḃuaḋas ar an saoġal aċt an té ċreideas gur ab é Iosa Mac Dé?


Agus an t‐ainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ ḃfuil ann, is é an t‐oċtṁaḋ ceann é, agus baineann sé leis na seaċt gceannaiḃ eile; agus atá sé ar an sliġe ċum léirscriosta.


An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan