Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 10:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ó tá sé de ḋánaċt againn dul isteaċ san áit naoṁṫa tré ḟuil Íosa,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Ar a naḋḃarsin, a ḋearḃráiṫre, ó atá sáoirse aguinn ré ḋul a steaċ don naóiṁiosdaḋ tré ḟuil Iosa,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 10:19
20 Iomraidhean Croise  

tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé.


Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


tré n‐a ḃfuil dánaiḋeaċt agus sliġe againn ċum teaċt ċuige de ḃarr ár gcreidiṁ ann.


Óir ní spiorad eagla ṫug Dia ḋúinn, aċt spiorad cuṁaċta, agus gráḋa, agus ciallḋaċta.


Agus san áit ’n‐a maiṫtear iad so, ní ḟuil gáḃaḋ le h‐aon íoḋbairt eile ar son na bpeacaiḋe.


D’á ḃriġ sin ná leigiḋ uaiḃ ḃur muiniġin, go ḃfuil luaċ saoṫair mór ag baint léi.


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


D’á ḃriġ sin déanaimís dánaċt ag druidim le riġ‐ċaṫaoir an ġrása, ċum tróċaire agus grása d’ḟáġáil ċum conganta linn i h‐uair an ġáḃaiḋ.


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


ní tré ḟuil gaḃar agus laoġ, áċt tré n‐a ḟuil féin, do ċuaiḋ sé isteaċ san naoṁ‐áit an t‐aon uair aṁáin, agus do ġnóṫuiġ sé fuasclaḋ síorraiḋe.


Agus taoḃ istiġ de’n dara brat do ḃí an tabernacal ar a dtugtar an Áit Sár‐Naoṁṫa;


Is mar sin curtar a ġráḋ i gcriċ ionnainn, ċum go mbéiḋ uċtaċ againn i lá an ḃreiṫeaṁnais; de ḃriġ go mbímíd san tsaoġal mar ḃíonn seisean.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan