Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Do ġráḋuiġis an ḟíréantaċt, agus d’ḟuaṫuiġis an aindliġe; Uime sin d’ung Dia, do Ḋia‐sa, ṫú Le h‐ola an ġáirdeaċais os cionn do ċompánaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Do gráḋuiġ tú an ḟiréuntaċd, agus do ḟúaṫuiġ tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Ḋía féin ṫú, ré hóla an ġáirdeaċuis ós cionn do ċompánaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 1:9
42 Iomraidhean Croise  

Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost).


Ar an aḋḃar sin atá gráḋ ag an Aṫair ḋom, de ċionn go ḃfuilim ag taḃairt m’anma, ċum go nglacfainn ċugam é arís.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Do ġléas riġṫe an doṁain iad féin. Agus do ċruinniġ na riaġlóirí le ċéile, I gcoinniḃ an Tiġearna, agus i gcoinniḃ a Ungṫaiġ:


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ceilg. Bíoḋ fuaṫ agaiḃ do’n olc; claoiḋiḋ leis an gceart.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


Atá Dia fírinneaċ, tré n‐ar glaoḋaḋ siḃ isteaċ i gcóṁċumann a Ṁic Íosa Críost ár dTiġearna.


Atá a ḟios ag Dia, ag Aṫair an Tiġearna Íosa Críost atá beannuiġṫe go síorraiḋe, naċ bréag atáim d’innsint.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost:


Ar an aḋḃar sin d’árduiġ Dia go mór é, agus ṫug sé ḋó an t‐ainm atá os cionn gaċ ainme eile;


Óir an té naoṁuiġeas agus na daoine naoṁuiġtear, is ó uġdar aṁáin ṫáinig siad: uime sin ní nár leis bráiṫre do ṫaḃairt mar ainm orṫa,


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost:


Atá agat‐sa, leis, cuid díoḃ‐san leanas de ṫeagasc na Niocaláiteaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan