Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 1:3
42 Iomraidhean Croise  

agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A ṁáiġistir, aduḃairt Maois, Dá ḃfaġaḋ duine bás gan slioċt, go bpósfaḋ a ḋearḃráṫair a ḃean, agus go dtógfaḋ sé clann d’á ḋearḃráṫair.


Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Aċt cia aca de na h‐aingliḃ go nduḃairt sé ariaṁ leis, Suiḋ‐se ar mo ḋeas‐láiṁ, Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fad’ ċosaiḃ?


naċ ḃféadann peacaiḋe do ġlanaḋ: aċt an té seo, tar a éis dó aon íoḋbairt aṁáin d’ofráil ar son na bpeacaiḋe go deo, is aṁlaiḋ do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé;


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.


agus é níos áirde ’ná na flaiṫis: naċ gáḃaḋ ḋó, ar nós na n‐árd‐ṡagart úd, íoḋbarṫa d’ofráil go laeṫeaṁail, ar son a ṗeacaiḋe féin ar dtús, agus ar son peacaiḋe an ṗobail ’n‐a ḋiaiḋ sin: óir do rinne sé an t‐aon uair aṁáin é, d’á ofráil féin mar íoḋbairt.


Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ,


Óir san áit ’n‐a ḃfuil tiomna, ní foláir cruṫaṁnas báis an té do rinne an tiomna ḃeiṫ ann, leis.


san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireaḋ an doṁan ar suiḋeaċan: aċt anois, an t‐aon uair aṁáin, i ndeireaḋ na n‐aois do foillsiġeaḋ é ċum deireaḋ do ċur leis an bpeacaḋ, g‐á íoḋbairt féin.


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


Óir ní finn‐scéalta fiġte go cliste do leanamar nuair ċuireamar i ḃfios daoiḃ cuṁaċt agus teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, aċt is aṁlaiḋ ċonnacamar a ṁórḋaċt le n‐ár súiliḃ féin.


Óir fuair sé onóir agus glóir ó Ḋia an tAṫair, go dtáinig an guṫ ċuige as lár na glóire mór‐ṫaiḋḃsiġe, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas:


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.


lán de ġáirdeaċas, do’n Aon‐Dia aṁáin, ár Slánuiġṫeoir, tré Íosa Críost ár dTiġearna, dó‐san go raiḃ glóir, mórḋaċt, neart agus cuṁaċt, mar ḃí ariaṁ, mar tá anois, agus mar ḃéas go saoġal na saoġal, Amen.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


g‐á ráḋ, Is fiú ṫú, a Ṫiġearna agus a Ḋia an ġlóir agus an onóir agus an ċuṁaċt d’ḟáġáil: óir is tú do ċruṫuiġ na h‐uile neiṫe, agus is ded’ ṫoil‐se atá siad ann, agus do cruṫuiġeaḋ iad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan