Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus ṫáinig scamall ’n‐a dtimċeall do ċlúduiġ iad: agus ṫáinig an guṫ as an scamall aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain: éistiḋ leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ag aṁarc ṫart dóiḃ ar an ḃall, ní ḟaca siad aoinneaċ ní ba ṁó aċt aṁáin Íosa ina dteannta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus, láiṫreaċ, d’ḟéaċadar ’n-a dtímpal agus ní ḟeacadar aoinne a ṫuille aċ Íosa aṁáin ’n-a ḃfoċair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do éiriġ néull do ċur sgáile na dtimċeall: agus táinic gúṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:7
41 Iomraidhean Croise  

Cuireann sé a ṁuiniġin as Dia; saoraḋ Sé anois é, má’s áil leis é, óir aduḃairt sé, Is mé Mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


agus, féaċ, guṫ ó neaṁ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain in a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


Óir ní raiḃ a ḟios aige créad adéarfaḋ sé: mar do ḃí criṫ‐eagla ṁór orṫa.


Agus ag féaċain go h‐obann dóiḃ ’n‐a dtimċeall, ní raiḃ aon duine le feicsin aċt Íosa aṁáin ’n‐a ḃfoċair féin.


agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas.


Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


A Aṫair, glóiriġ t’ainm. Annsin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Do ġlóiriġeas ċeana é, agus glóireoċad arís é.


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Atá dliġe againn, agus de réir na dliġe sin atá an bás tuillte aige, de ḃriġ go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia.


Agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, ṫug sé fiaḋnaise im’ ṫaoḃ. Ní, ċualaḃair‐se a ġuṫ ariaṁ agus ní ḟacaḃar a ġné.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a ḟios againn gur tusa Aon Naoṁṫa Dé.


Do‐ċuala Íosa gur ċaiṫeadar amaċ é; agus nuair fuair sé é, aduḃairt sé leis, An gcreideann tusa i Mac Dé?


Agus nuair aduḃairt sé an méid sin, do tógaḋ suas é, agus iad ag aṁarc; agus do ċeil scamall ar a raḋarc é.


Is é an Maois sin aduḃairt le clainn Israel, Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ mar mise ḋaoiḃ as lár ḃúr mbráiṫreaċ.


Agus san tsliġe ḋóiḃ, ṫángadar mar a raiḃ uisce; agus aduḃairt an coillteánaċ, Féaċ, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ ḃaisteaḋ?


do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


Óir fuair sé onóir agus glóir ó Ḋia an tAṫair, go dtáinig an guṫ ċuige as lár na glóire mór‐ṫaiḋḃsiġe, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas:


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan