Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:50 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Is maiṫ an niḋ salann: aċt má ḃíonn an salann gan ḃlas, cad leis an ndéanfaiḋ siḃ deaġ‐ḃlasta é. Bíoḋ salann ionnaiḃ féin agaiḃ agus bíoḋ síoṫċáin eadraiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

50 Is maiṫ an salann: aċd ċeana má ḃíonn an salann gan ḃlas, Créd lé a ndéuntáoi deaġḃlasda é? Bíoḋ salann agaiḃ ionnaiḃ féin, agus bíoḋ síoḋċáin aguiḃ ré ċéile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:50
28 Iomraidhean Croise  

Is siḃ‐se salann na talṁan: aċt má ċailleann an salann a ḃlas, créad le n‐a saillfear é aṫuair? Ní ḟuil aon ṁaiṫ ann feasta aċt go gcaiṫfiḋe amaċ é, agus go mbéaḋ sé ’n‐a ċosair‐easair ag na daoiniḃ.


Aċt d’ḟanadar ’n‐a dtost: óir do ḃíodar ag diospóireaċt ar an sliġe ’n‐a ṫaoḃ so, Cia aca ḋíoḃ ba ṁó.


Óir saillfear gaċ uile ḋuine le teiniḋ.


Má’s féidir é, san méid ḃaineas liḃ féin, cóṁnuiġiḋ go síoṫċánta leis an uile ḋuine.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta.


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


D’á ḃriġ sin, mar ḋéanfaḋ clann toġṫa Dé, naoṁṫa agus ionṁain, cuiriḋ umaiḃ croiḋe trócaire, muinntearas, uṁlaċt, macántaċt, fad‐ḟulang;


Bíoḋ salann an ġrása mar ḃlás ar ḃur gcainnt, ċum go mb’ eol daoiḃ freagra do ṫaḃairt do gaċ aoinneaċ.


agus árd‐ṁeas do ḃeiṫ agaiḃ orṫa as uċt a n‐oibre. Biḋiḋ go síoṫċánta eadraiḃ féin.


Aċt seaċain ainṁianta na h‐óige, agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, de’n tsíoṫċáin, i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ ġlaoḋas ar an Tiġearna as croiḋe úr‐ġlan.


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


Óir ní oibriġeann fearg an duine fíréantaċt Dé.


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan