Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus má ḃíonn do láṁ ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ, ’ná an dá láiṁ do ḃeiṫ agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teiniḋ naċ múċtar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Áit naċ n-éagann a bpéist, agus naċ múċtar an teine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Agus más ciontaċ do láṁ ré hoilḃeim dfaġáil ḋuit, gearr ḋíot í: is fearr ḋuit dul ar leaṫláiṁ don ḃeaṫaiḋ, ná ḋá láiṁ do ḃeiṫ agad agus dul go hifearnn, a dtéiniḋ naċ éidir do ṁúċaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:43
23 Iomraidhean Croise  

Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruitneaċtan isteaċ sa scioból; agus loiscfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ naċ féidir do ṁúċaḋ.


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Aċt nuair do‐ḃeir tusa fleaḋ, glaoḋ ar na boċtaiḃ, agus ar na mairtíneaċaiḃ, agus ar na bacaċaiḃ, agus ar na dallaiḃ:


Agus ṫáinig an seirḃíseaċ, agus d’innis sé na neiṫe sin d’á ṫiġearna. Annsin ṫáinig fearg ar ḟear an tiġe, agus aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ go mear ins na sráidiḃ agus i gcúlánaiḃ na caṫraċ, agus taḃair leat isteaċ annso na boċtáin, agus na máirtíniġ, agus na daill, agus na bacaiġ.


atá a ġaoṫaċán ’n‐a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ ’n‐a scioból; aċt dóiġfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ ḋó‐ṁúċta.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


áċt buailim mo ċolann féin, agus cuirim fá smaċt í, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go ndiúltóċaiḋe ḋom féin, ṫar a éis dom ḃeiṫ ag seanmóiriú do ḋaoiniḃ eile.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


g‐á ṁúineaḋ ḋúinn neaṁḋiaḋaċt agus ainṁianta saoġalta do ṡeaċaint, agus ár saoġal do ċaiṫeaṁ go staidéarṫa, fíréanta, diaḋa san ré seo atá de láṫair;


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


Cuiriḋ ḋíḃ, d’á ḃriġ sin, gaċ droċ‐rún, agus calaois,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan