Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus cibé duine ḃéarfas aḋḃar scannail d’aoinneaċ de na daoiniḃ beaga so ċreideas ionnam, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ muilinn ar a ṁuineál, agus go gcaiṫfiḋe é sa ḃfairrge.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Agus má ḃeir do láṁ scainneal duit, gearr díot í; is feárr duit dul isteaċ cioṫramaċ san ḃeaṫa, ná ḋá láiṁ a ḃeiṫ ort agus dul go h-iḟreann, san teiniḋ naċ féidir a múċaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus má ṫugann do láṁ sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra ḋuit dul isteaċ sa ḃeaṫa ar leaṫ-láiṁ ’ná dul, agus ḋá láiṁ ort, isteaċ i n-ifreann, sa teine náċ féidir a ṁúċaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Agus giḋ bé ḃéuras aḋḃar oílḃéime dáóin neaċ do na dáóiniḃ beaga so ċréideas ionnamsa, do bfearr ḋó go mór go gcuirṫí cloċ ṁuilinn fá na ḃráġuid, agus go dteilgṫí é ann sa ḃfairrge.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:42
19 Iomraidhean Croise  

Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.


Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


glacann sé mise: aċt cibé duine ṫiuḃras scannal d’aoinneaċ de na rudaiḃ beaga so ċreideas ionnam‐sa, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ ṁór muilinn ar a ṁuineál, agus go mbáḋfaiḋe é i ndoimneaċt na fairrge.


agus do ṫuit sé ċum na talṁan, agus d’airiġ sé an guṫ g‐á ráḋ leis, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ġéirleanṁain?


Uime sin ná bímís ag breiṫ breiṫe ar a ċéile a ṫuilleaḋ; aċt ’n‐a ionad sin taḃraiḋ aire gan ceap tuisliḋ, ná aḋḃar tuitme do ċur i mbealaċ ḃur mbráṫar.


aċt mar atá scríoḃṫa, Ċífiḋ siad‐san naċ dtáinig a ṫuairisc ċuca, Agus tuigfiḋ siad‐san naċ gcuala.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


ċum naċ ḃfaġtar loċt ar ár miniostrálaċt;


ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost;


D’á ḃriġ sin is toil liom go bpósfaḋ na mná óga, go mbéarfaidís clann, go riarfaidís gnóṫaí an tiġe, gan aon aḋḃar scannail do ṫaḃairt do’n áiḋḃeirseoir:


Agus leanfaiḋ mórán a sliġṫe déisteannaċa; agus maslóċar sliġe na fírinne mar ġeall orṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan