Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus nuair do ċonnaic Íosa go raiḃ sluaġ mór daoine ag riṫ ċuige, do smaċtuiġ sé an spioraid neaṁ‐ġlan, ’g‐a ráḋ leis, A spioraid ḃalḃ, ḃoḋar, órduiġim‐se ḋuit, tar amaċ as, agus ná téiġir isteaċ ann arís.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus ag béiciġ dó, scróc sé go mór é, agus dʼimṫiġ amaċ as, agus dʼéiriġ sé mar ḋuine marḃ, ionnas gur ḋuḃairt mórán: Tá sé marḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus do sgread sé, agus d’oibriġ sé é go h-ana-ḋian, agus d’imṫiġ sé amaċ as; agus ḃí sé mar a ḃeaḋ sé marḃ, i dtreó go nduḃairt a lán: Tá sé marḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus an tan do ċonnairc Iósa an slúaġ uile ag coiṁriṫ ċuige, do imḋearg sé an spiorad neaṁġlan, ag ráḋ ris, A spiorad ḃailḃ agus ḃoḋair, aiṫnimsi ḋíot, imṫiġ a maċ as, agus na héiriġ a sdeaċ ann ní so ṁó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:25
17 Iomraidhean Croise  

Annsin tugaḋ ċuige duine ’n‐a raiḃ deaṁan, agus é dall, boḋar: agus do leiġeas sé é, ionnas gur laḃair an balḃán, agus go raiḃ raḋarc aige.


Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan; agus d’imṫiġ sé as: agus do ḃí an buaċaill slán ó’n uair sin amaċ.


Agus ar an láṫair, nuair do ċonnaic an sluaġ é, ṫáinig iongnaḋ agus uaṫḃás orṫa uile, agus do riṫeadar ċuige agus d’ḟáiltiġeadar roiṁe.


Agus ar an láṫair do ġlaoḋ aṫair an ḃuaċalla, agus aduḃairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaiḋ creidiṁ.


Agus ag screadaiġ, agus ’g‐a ṡracaḋ ḋí go millteaċ, ṫáinig sí amaċ as: agus do ḃí an leanḃ mar do ḃéaḋ corp: i dtreo go nduḃairt an ċuid ba ṁó aca, Atá sé marḃ.


Agus do ḃí sé ag caiṫeaṁ deaṁain do ḃí balḃ amaċ. Agus ṫarla, nuair do ḃí an deaṁan imṫiġṫe amaċ, gur laḃair an balḃán; agus do‐rinne an sluaġ iongnaḋ ḋe.


Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó.


Agus ṫáinig deaṁain as mórán, leis, ag liuġraiġ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Is tusa Mac Dé. Aċt do smaċtuiġ sé iad, agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir do b’eol dóiḃ gurḃ é an Criost é.


Aṫċuinġim ort gan mo ṗianaḋ. Óir do ḃí sé g‐á órdú do’n spioraid neaṁ‐ġlain teaċt amaċ as an duine. Óir ba ṁinic do‐ḃeireaḋ sí air: agus do coiṁéadṫaiḋe é fá ġárda, agus do ceangailtiḋe é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ; agus ag réabaḋ na gcuiḃreaċ ó ċéile ḋó, do ruaigeaḋ an deaṁan amaċ sa ḃfásaċ é.


Agus ag teaċt ċuige ḋó, do leag an deaṁan ar lár é, agus do ṫarraing sé as a ċéile é. Aċt do smaċtuiġ Íosa an spioraid neaṁ‐ġlan, agus do leiġeas sé an buaċaill, agus ṫug sé ar ais d’á aṫair é.


Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.


Aċt Miċeál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diaḃal dó, ag aiġneas fá ċorp Ṁaoise, níor láṁ sé a ċúisiú go masluiġṫeaċ, aċt aduḃairt, Go smaċtuiġiḋ an Tiġearna ṫú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan