Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus ṫugadar ċuige é: agus nuair do ċonnaic an spioraid é, ar an láṫair do réab sí é go millteaċ, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus é ag ionfairt, agus cuḃar ar a ḃéal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus dʼḟiafruiġ sé dá aṫair: Cad é an fad aimsire atá sé ó ṫárla seo dó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ina leanḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’ḟiafraiġ sé de’n aṫair: Cad é an ḟaid aimsire atá ó ṫárla so ḋó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ’n-a leanḃ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:20
14 Iomraidhean Croise  

Agus do réab an spioraid neaṁ‐ġlan é, agus, ag screadaiġ de ġuṫ árd dí, ṫáinig sí amaċ as.


agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cuḃar as a ḃéal, agus do‐ġní sé gíoscán le n‐a ḟiaclaiḃ, agus atá sé ag cnaoi: agus do laḃras led’ ḋéisceablaiḃ ’g‐a iarraiḋ orṫa a díbirt amaċ as; agus níor ḟéadadar‐san a ḋéanaṁ.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, A ṡlioċt gan ċreideaṁ, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa é.


Agus d’ḟiafruiġ Íosa de’n aṫair, An fada ḋó sa rioċt so? Agus aduḃairt seisean, Ó ḃí sé ’n‐a leanḃ.


Agus ag screadaiġ, agus ’g‐a ṡracaḋ ḋí go millteaċ, ṫáinig sí amaċ as: agus do ḃí an leanḃ mar do ḃéaḋ corp: i dtreo go nduḃairt an ċuid ba ṁó aca, Atá sé marḃ.


Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó.


Aṫċuinġim ort gan mo ṗianaḋ. Óir do ḃí sé g‐á órdú do’n spioraid neaṁ‐ġlain teaċt amaċ as an duine. Óir ba ṁinic do‐ḃeireaḋ sí air: agus do coiṁéadṫaiḋe é fá ġárda, agus do ceangailtiḋe é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ; agus ag réabaḋ na gcuiḃreaċ ó ċéile ḋó, do ruaigeaḋ an deaṁan amaċ sa ḃfásaċ é.


agus féaċ, beireann spioraid air, agus screadann sé go h‐obann; agus tarraingeann sí as a ċéile é, go gcuireann sé cuḃar, agus is ar éigean ḟágas sí é, aċt í g‐á ḃrúġaḋ go millteaċ.


Agus ag teaċt ċuige ḋó, do leag an deaṁan ar lár é, agus do ṫarraing sé as a ċéile é. Aċt do smaċtuiġ Íosa an spioraid neaṁ‐ġlan, agus do leiġeas sé an buaċaill, agus ṫug sé ar ais d’á aṫair é.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan