Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus aduḃairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deiṁin, agus aṫnuaḋann sé gaċ uile niḋ: agus cionnas atá scríoḃṫa i dtaoḃ Ṁic an Duine, go gcaiṫfiḋ sé mórán d’ḟulang agus ḃeiṫ fá ṫarcuisne?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Aċt deirim-se liḃ go dtáinic Elías fosta, agus rinne siad leis cibé a ba toil leo, do réir mar atá scríoḃṫa fá dtaoiḃ de.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Aċ deirim-se liḃ-se go dtáinig Elias ċeana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Tig Elías go deiṁin ar tús, agus aiséoċaiḋ sé gaċ uile ní; agus mar a tá sgríoḃṫa a dtimċeall Ṁic an duine, Go gcaiṫfeaḋ sé mórán dfulang, agus ḃeiṫ fá neiṁċion.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:12
30 Iomraidhean Croise  

Ó’n am sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar a ṁíniú d’á ḋeisceablaiḃ gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’ḟulang ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe é ċum báis, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Atá Mac an Duine ag imṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr‐de an fear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.


’g‐a ráḋ, Féaċaiḋ, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐ḃéarfar Mac an Duine d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do na scríoḃaiḋṫiḃ; agus daorfaid‐sean ċum báis é, agus do‐ḃéarfaid do na Págánaċaiḃ é:


Aċt adeirim‐se liḃ go dtáinig Élias ċeana féin, agus go ndearnadar dó an rud ba ṫoil leo, mar atá scríoḃṫa na ṫaoḃ.


Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá.


Agus tusa, a leinḃ, glaoḋfar ort fáiḋ an Té is Aoirde; Óir raċair roiṁ an Tiġearna ag réiḋteaċ na sliġe ḋó:


Agus do‐rinne Ioruaṫ agus a ċuid saiġdiúir fonoṁaid faoi, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus do ċuireadar éadaċ geal air, agus do ċuireadar ar ais ċum Píoláid é.


Agus duine de na cuirpṫeaċaiḃ do croċaḋ ṫug sé masla ḋó, g‐á ráḋ, Naċ tusa an Críost? saor ṫú féin agus sinne.


Agus, ar mbeiṫ ḋóiḃ i ḃfoċair a ċéile, d’fiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiuḃraiḋ tú an ríoġaċt ar ais d’Israel?


Is eisean an ċloċ go ndearna‐siḃ‐se beag‐is‐fiú ḋí, agus go ndearnaḋ cloċ ċinn ċúinne ḋí.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan