Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 8:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Aċt ar ċasaḋ ṫart, agus ar ḟeicsin a ḋeisceabal dó, do ċeartuiġ sé Peadar, agus aduḃairt sé, Imṫiġ taoḃ ṫiar díom, a Ṡátain: óir ní h‐iad neiṫe Dé is mian leat‐sa aċt neiṫe daoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Aċt ag tionntóḋ ṫart agus ag féaċaint ar a ḋeisciobail dó, ḃagair sé ar Ṗeadar, ag ráḋ: Gaḃ siar i mo ḋiaiḋ, a Ṡatain, óir ní h-iaḋ na neiṫe is le Dia a ṫaitneas leat, aċt na neiṫe a ḃaineas le daoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Aċ d’iompuiġ seisean agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobulaiḃ, agus do laḃair sé go bagarṫaċ le Peadar, agus duḃairt sé: Imṫiġ lastiar díom, a Ṡátain, óir ní h-iad na neiṫe a ḃaineann le Dia is mian leat, aċ na neiṫe a ḃaineann le daoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Aċd ar gcasaḋ ḋósan agus ar ḃḟéaċain ar a ḋeisciobluiḃ, do imḋearg se Peadar, ag ráḋ, Imṫiġ am ḋíaiġ, a Ṡatáin: óir ní ṫuigeann tú na neiṫe ḃeanas ré Día, aċd na neiṫe ḃeanas ré dáoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 8:33
24 Iomraidhean Croise  

Aċt ní ṫug seisean aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisceabail, agus d’iarradar air, Cuir ċum siuḃail í siúd; óir atá sí ag síor‐ġlaoḋaċ ’n‐ár ndiaiḋ.


Aċt d’iompuiġ seisean, agus aduḃairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Ṡátain: atáir‐se id’ ċeap tuisle ḋom: óir ní ḟuil do ḋearcaḋ ar a mbaineann le Dia, aċt ar a mbaineann le daoiniḃ.


agus mé d’aḋraḋ. Annsin aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ, a Ṡátain: óir atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus is dó‐san aṁáin do, ġéanaiḋ tú seirḃís.


Agus ag dearcaḋ ḋó ṫart ’n‐a ṫiṁċeall orṫa‐san do ḃi ’n‐a suiḋe ’n‐a ṫimċeall, aduḃairt sé, Féaċaiḋ, is iad sin mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre!


Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ.


Agus d’iompuiġ an Tiġearna, agus do ḋearc sé ar Ṗeadar. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar ḟocal an Tiġearna, go nduḃairt sé, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire.


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia, agus is dó‐san aṁáin ḋéanfasse tú irḃís.


Aċt d’iompuiġ seisean, agus do ċeartuiġ sé iad.


go dtugtar a leiṫéid sin de ḋuine suas do Ṡátan ċum scriosta na colna, ionnas go saorfaiḋe an spiorad i ló an Tiġearna Íosa.


gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.


Aiṫḃear na daoine do‐ġní peacaḋ i ḃfiaḋnaise cáiċ, ċum eagla do ċur ar an gcuid eile.


Fiaḋnaise ḟíor is eaḋ í seo. D’á ḃriġ sin aiṫḃear go géar iad, ċum go mbéiḋ creideaṁ folláin aca,


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla gur ḟulaing Críost san ḃfeoil, bíoḋ an aigne ċéadna sin mar arm agaiḃ; óir an té d’ḟulaing san ḃfeoil, atá sé scarṫa le peacaḋ;


Ná taḃraiḋ gráḋ do’n tsaoġal ná do na neiṫiḃ atá san tsaoġal. Má ḃeireann aoinneaċ gráḋ do’n tsaoġal, ní ḟuil gráḋ an Aṫar ann.


An méid is ionṁain liom, do‐ḃeirim aċṁusán dóiḃ agus smaċtuiġim iad: bí‐se dúṫraċtaċ d’á ḃriġ sin, agus déan aiṫriġe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan