Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 8:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus aduḃairt sé leo. An é naċ dtuigeann siḃ fós?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus duḃairt seisean leo: Cad é an ḟáṫ naċ dtuigeann siḃ go fóill?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus duḃairt sé leó: Conus ná tuigeann siḃ fós?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus a duḃairt seisean ríu, Cionnas náċ dtuigṫí na neiṫesi?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 8:21
10 Iomraidhean Croise  

óir níor ṫuigeadar i dtaoḃ na mbollóg, aċt do ḃí a gcroiḋe dúr.


Agus do leig sé osna ó íoċtar a anma, agus aduḃairt sé, Cad ċuige do’n ċinéal so ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁarṫa? Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní taḃarfar aon ċóṁarṫa do’n ċinéal so.


Agus nuair do ḃí a ḟios ag Íosa, aduḃairt sé leo, Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag diospóireaċt toisc gan arán do ḃeiṫ agaiḃ? an é naċ ḃfeiceann siḃ, agus naċ dtuigeann siḃ fós? an ḃfuil ḃúr gcroiḋe dúr fós?


Agus ṫángadar go Bétsáida. Agus ṫugadar dall ċuige, agus d’iarradar air a láṁ do ċur air.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, A ṡlioċt gan ċreideaṁ, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa é.


Aduḃairt Íosa leis, An ḃfuilim an ḟaid sin ’n‐ḃúr measc, agus gan aiṫne agat orm, a Ṗilib? an té do ċonnaic mise, do ċonnaic sé an t‐Aṫair; cionnas adeir tusa, Taisbeán an t‐Aṫair ḋúinn?


Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.


Is ċum náire do ċur oraiḃ laḃraim liḃ. Arḃ’ ḟéidir naċ ḃfuil ’n‐ḃur measc duine eagnaiḋe aṁáin d’ḟéadfaḋ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt idir a ḃráiṫriḃ?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan