Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 7:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus ag féaċain suas ar neaṁ ḋó, do leig sé osna as, agus aduḃairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear ṫú.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ag aṁarc suas ar neaṁ dó, leig sé osna, agus deir leis: Eṗṗeta, is é sin, bí foscailte.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas agus ḋein sé osna, agus duḃairt Eṗṗeta, ’sé sin, Osgail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ar ḃféaċain súas ar neaṁ, do léig sé osnaḋ, agus a duḃairt sé ris, Eṗṗaṫa, éaḋon, Bí osgailte.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 7:34
21 Iomraidhean Croise  

Agus ṫug Íosa truaġ ṁór dó, agus do ṡín sé amaċ a láṁ agus do ċuir sé air í, agus aduḃairt; Is toil liom é; bí glan.


Agus sa naoṁaḋ h‐uair do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, Elóí, Elóí, Lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréigis mé?


Agus ag breiṫ ar láiṁ ar an gcailín dó, aduḃairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A ċailín, adeirim‐se leat, Éiriġ.


Agus do ṫóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ dó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé na bollóga; agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad le cur os cóṁair a raiḃ ann; agus do roinn sé an dá iasc orṫa go léir.


Agus ar an láṫair do fosclaḋ a ċluasa, agus do luascaḋ a ṫeanga, agus do laḃair sé go cruinn.


Agus do leig sé osna ó íoċtar a anma, agus aduḃairt sé, Cad ċuige do’n ċinéal so ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁarṫa? Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní taḃarfar aon ċóṁarṫa do’n ċinéal so.


Agus aduḃairt Íosa leis, Bíoḋ do raḋarc agat: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.


Agus nuair ṫáinig sé i gcóṁgar, do ċonnaic sé an ċaṫair agus do ċaoin sé í,


Agus táinig sé agus do ċuir sé a láṁ ar an gcróċar: agus do stad an luċt iomċair Agus aduḃairt sé, A óigḟir, adeirim leat, Éiriġ.


Agus nuair do ċonnaic Íosa í ag caoineaḋ, agus na h‐Iúdaiġ ṫáinig i n‐éineaċt léi ag caoineaḋ, do ċorruiġ an spioraid ann, agus do ḃí sé buaiḋearṫa,


Do ḃris a ġol ar Íosa.


Agus táinig Íosa ċum an tuama, agus a spioraid ag corrú ann. Agus pluais ab eaḋ í, agus leac ar a béal.


Agus do ṫógadar an leac. Agus d’ḟéaċ Íosa i n‐áirde, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.


Agus tar a éis dó sin a ráḋ, do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Lasaruis, tar amaċ.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Agus aduḃairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ ṡlánú: éiriġ, agus cóiriġ do leaba. Agus d’éiriġ sé ar an láṫair.


Aċt do ċuir Peadar iad go léir amaċ, agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe; agus ag iompoḋ ċum an ċuirp, aduḃairt sé, A Ṫabitá, éiriġ. Agus d’ḟoscail sí a súile; agus nuair do ċonnaic sí Peadar, d’éiriġ sí aniar.


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan