Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 7:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir ní iṫeann na Fairisíniġ ná na h‐Iúdaiġ i gcoitċinne, biaḋ, gan a láṁa d’ionnlaḋ go minic, ag cleaċtaḋ sean‐ġnás na seanóir:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Óir ní iṫeann na Fairisíniġ agus nah-Iúdaiġ uiliggan a láṁa a niġe go minic, ag coiṁéad sean-ġnás na sinnsear.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Óir ní iṫid na Fairisíniġ ná na Iúdaiġ bia gan a láṁa do niġe go minic, ag coimeád nóis na sinsear.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 (Oír ni iṫid na Ṗairisíniġ, agus na Iúduiġe uile bíaḋ, muna nionnlaid síad a láṁa go minic, ag coiṁéd órduiġṫe na sinnsior.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 7:3
10 Iomraidhean Croise  

ag cur briaṫair Dé ar neaṁ‐niḋ leis na sean‐ġnásaiḃ úd atá curṫa ar bun agaiḃ; agus is iomḋa niḋ eile d’á leiṫéid sin do‐ġní siḃ.


Agus d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ agus na scríoḃaiḋṫe ḋé, Cad ċuige naċ ngéilleann do ḋeisceabail‐se do ṡean‐ġnásaiḃ na seanóir, aċt go n‐iṫid arán le láṁaiḃ truailliġṫe?


Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis an ḃFairisíneaċ, agus é ag féaċain air, nár niġ sé é féin roiṁ an mbéile.


Agus do ḃí sé soiṫiġ cloiċe, do cuireaḋ ann de réir reaċta glantóireaċta na nIúdaċ, agus lán a dó nó a trí d’ḟeircíniḃ ins gaċ soiṫeaċ díoḃ.


agus gur ṁó do ċuaḋas ar aġaiḋ i gcreideaṁ na nIúdaċ ’ná a lán daoine dem’ ċóṁaois féin i measc muinntire mo ċiniḋ, agus mé i ḃfad ní ba ḋúṫraċtaiġe i dtaoḃ gnáṫ‐nósann mo ṡinnsir.


Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:


agus a ḟios agaiḃ naċ le neiṫiḃ so‐ṫruailliġṫe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuasclaḋ siḃ ó na baoiṫ‐ċleaċtaiḃ saoġalta ṫáinig i n‐oiḋreaċt ó n’ ḃur sinnsearaiḃ ċugaiḃ;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan