Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Agus nuair do ċonnaic sé iad ag iomraṁ, agus saoṫar mór orṫa, (óir do ḃí an ġaoṫ ’n‐a gcoinniḃ), ṫáinig sé ċuca i dtimċeall na ceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe, agus é ag siuḃal ar an ḃfairrge; aṁail mar ḃéaḋ sé ag gaḃáil ṫarsta:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Agus ċonnaic sé iad fá ṡaoṫar ag iomraṁ (óir ḃí an ġaoṫ ina n-éadan), agus timċeall na ceaṫraṁaḋ faire deʼn oiḋċe tig sé ċuca ag siuḃal ar an ḟairrge, agus ṁeas sé dul ṫarstú.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Agus ċonaic sé iad ar a ndíċeall ag ráṁaíḋeaċt, mar ḃí an ġaoṫ ’n-a gcoinniḃ; agus tímpal na ceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe ṫáinig sé ċúċá agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige, agus ṁeas sé gaḃáil ṫórsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Agus do ċonnairc sé íadsan ag cur ṡáoṫair ag iomraḋ; (oír do ḃí an ġáoṫ na naġuiḋ:) agus táinic sé ċuca timċeall an ceaṫraṁaḋ faire don oiḋċe, ag sioḃal ar an ḃfairge, agus do ṁeaḋuiġ sé dul ṫárrsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:48
16 Iomraidhean Croise  

Aċt do ḃí an bád fá’n am sin i lár na fairrge, d’á luascaḋ ag na tonnaiḃ, mar do ḃí an ġaoṫ ’n‐a ċoinniḃ.


Aċt bíoḋ a ḟios so agaiḃ, dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cé’n uair ’n‐a dtiocfaḋ an gadaiḋe, do ḃéaḋ sé ag faire agus ní ċeadóċaḋ sé go mbrisfiḋe isteaċ ’n‐a ṫiġ.


Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin: óir ní ḟuil a ḟios agaiḃ cé an uair ṫiocfas fear an tiġe, um ṫráṫnóna, nó um uair an ṁeaḋon‐oiḋċe, nó ar ġlaoḋaċ an ċoiliġ, nó ar maidin;


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, do ḃí an bád i lár na fairrge, agus do ḃí sé féin ar an talaṁ ’n‐a aonar.


aċt nuair do ċonnacadar‐san é ag siuḃal ar an ḃfairrge, do ċeapadar gur ṫaiḋḃse do ḃí ann, agus do ġlaoḋadar amaċ:


Agus má’s le linn an dara, nó le linn an treas faire ṫiocfas sé, agus go ḃfaiġiḋ sé mar sin iad, is aoiḃinn dóiḃ‐sean.


Agus do ḃíodar ag druidim leis an mbaile beag ċum a raḃadar ag dul: agus, de réir cosṁalaċta do ḃí sé ag dul níba ṡia.


naċ ó’n ḃfuil, ná ó ṫoil na colna, ná ó ṫoil duine do geineaḋ iad, aċt ó Ḋia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan