Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus do ṫóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ dó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé na bollóga; agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad le cur os cóṁair a raiḃ ann; agus do roinn sé an dá iasc orṫa go léir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus ag glacaḋ na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, dʼaṁarc sé suas ar neaṁ, ḃeannuiġ agus ḃris sé na h-aráin, agus ṫug dá ḋeisciobail iad le cur ós a gcóṁair, agus rann sé an dá iasc orṫa uilig.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus ar ngaḃáil na gcúig narán ċuige agus an dá íasg, ar ḃféaċain súas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ sé, agus do ḃris sé na haráín, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum go gcuirfidís na ḃfiaḋnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrṫa uile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:41
22 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt sé leis na sluaiġtiḃ suiḋe síos ar an ḃféar; agus do ġlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċaint suas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ, agus do ḃris sé na bollóga, agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ iad, agus ṫug na deisceabail do na sluaiġtiḃ iad.


agus do ġlac sé na seaċt mbollóga agus na h‐iascanna, agus do ġaḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad, agus ṫug na deisceabail do’n tsluaġ iad.


Agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, do ġlac Íosa arán, agus do ḃeannuiġ, agus do ḃris sé é; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ é, agus aduḃairt, Glacaiḋ, agus iṫiḋ é; is é seo mo ċorp.


Agus nuair do ḃíodar ag iṫe, do ṫóg sé arán, agus do ḃeannuiġ agus do ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus aduḃairt sé, Glacaiḋ: is é seo mo ċorp:


Agus do ṡuiḋeadar síos ’n‐a rangannaiḃ, ’n‐a gcéadaiḃ, agus ’n‐a gcaogadaiḃ.


Agus d’iṫeadar go léir, agus do ḃí a ndóṫain aca.


agus ag féaċain suas ar neaṁ ḋó, do leig sé osna as, agus aduḃairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear ṫú.


Nuair do ḃriseas na cúig bollóga do’n ċúig míle duine, cá ṁéid ciseán do ṫógaḃar de’n ḃiaḋ briste? Aduḃradar‐san leis, Ḋá ċiseán déag.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ ag fanaṁain aca. Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair, gur ṫóg sé an t‐arán, agus gur ḃeannuiġ sé é, agus gur ḃris agus go dtug sé ḋóiḃ é.


Agus do ġlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé iad; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ iad ċum go gcuirfidís os cóṁair na ndaoine iad.


Agus do ṫógadar an leac. Agus d’ḟéaċ Íosa i n‐áirde, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Agus do ṫóg Íosa na bollóga; agus iar mbreiṫ buiḋeaċais dó, do roinn sé iad orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe; agus na h‐iasca, ċóṁ maiṫ, an oiread díoḃ do ṫeastuiġ uaṫa.


(ṫáinig báid, áṁ, ó Ṫibérias i n‐aice na h‐áite ’n‐ar iṫeadar an t‐arán tar éis altuiġṫe an Tiġearna):


Agus ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫóg sé arán, agus do ġaḃ sé buiḋeaċas le Dia ’n‐a ḃfiaḋnaise go léir: agus do ḃris sé é agus do ṫionnscain sé g‐á iṫe.


An té ḃreaṫnuiġeas an lá, is ar son an Tiġearna do‐ġní sé é; agus an té iṫeas, is ar son an Tiġearna iṫeas sé, mar ḃeireann sé buiḋeaċas do Dia; agus an té naċ n‐iṫeann, is ar son an Tiġearna naċ n‐iṫeann, agus ḃeireann seisean buiḋeaċas do Ḋia.


Uime sin, má’s ag iṫe nó ag ól daoiḃ, nó cibé niḋ do‐ġní siḃ, déanaiḋ an uile niḋ ċum glóire Dé.


Agus cibé niḋ do‐ġní siḃ, i mbriaṫar béil nó i ngníoṁ, déanaiḋ an uile niḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, ag taḃairt buiḋeaċais do Ḋia tríd.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan