Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus aduḃairt sé leo, Tagaiḋ‐se i leiṫ go h‐áit uaigniġ agus déanaiḋ suaiṁneas ar feaḋ tamaill. Óir do ḃí a lán daoine ag teaċt agus ag imṫeaċt, agus ní raiḃ sé d’uain aca fiú béile do ċaiṫeaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus duḃairt sé leo: Taraigiḋ í leiṫ go h-áit uaigniġ, agus déanaigiḋ ḃur scíste tamall, Óir ḃí mórán ann ag teaċt agus ag imṫeaċt, agus ní raiḃ am acu fiú ċun biaḋ a ċaiṫeaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus duḃairt sé leó: Tagaiḋ i leiṫ taoiḃ go h-áit uaigneaċ agus glacaiḋ suaiṁneas ar feaḋ tamaill. Óir ḃí a raiḃ ag teaċt agus ag imṫeaċt líonṁar, agus ní raiḃ uain acu ċun bíḋ a ċaiṫeaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus a duḃairt sé ríu, Tigiḋsi ar leíṫ go hionad úaigneaċ, agus déunaiḋ suáiṁneas támall beag: oír do ḃádar mórán ag teaċd agus ag imṫeaċd, agus ní ḟúaradar am ar ḃíaḋ a ṁáin diṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:31
5 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do‐ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé i mbád ó’n áit sin, isteaċ i n‐áit ḟásaṁail uaigniġ: agus nuair do‐ċuala na sluaiġte sin, do leanadar d’á gcois é ó na caṫraċaiḃ.


Aċt d’imṫiġ seisean amaċ, agus do ṫosnuiġ sé ar an scéal d’innsint agus do ċraoḃscaoileaḋ go foirleaṫan, i dtreo nár ḟéad Íosa dul isteaċ go poibliḋe i gcaṫair, aċt gur ḟan sé amuiġ i n‐áiteannaiḃ fásaṁla: agus ṫáinig na daoine ċuige as gaċ áird.


Agus ṫáinig sé isteaċ i dtiġ. Agus do ċruinniġ an sluaġ arís, i dtreo nárḃ ḟéidir ḋóiḃ fiú biaḋ do ċaiṫeaṁ.


Aċt d’imṫiġ Íosa agus a ḋeisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluaġ mór é ó’n nGalilé,


I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Ṫibérias.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan