Marcus 6:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)20 Óir ḃí eagla ar Ioruaḋ roiṁ Eoin, mar go raiḃ a ḟios aige é ḃeiṫ ina ḟear ċóir, naoṁṫa, agus ċoiṁéad sé é, agus ġníoḋ sé mórán neiṫe ar a ċóṁairle, agus dʼéisteaḋ sé leis go fonnṁar. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Óir ḃí eagal ar Héród roim Eóin, mar ḃí ḟios aige gur ḋuine naoṁṫa, fíoraonta é, agus ḃí sé ’ġá ċoimeád, agus ḋeineaḋ sé a lán neiṫe ar a ċóṁairle, agus ṫugaḋ sé cluas dó go toilteanaċ. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)20 Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail. Faic an caibideil |