Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus cibé áit naċ nglacfaiḋ siḃ, agus naċ n‐éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt daoiḃ as an áit sin, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃonnaiḃ ḃúr gcos mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus cibé ar biṫ iad naċ ḃfáilteoċaiḋ róṁaiḃ agus naċ n-éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt as sin díḃ, craiṫigiḋ an dusta de ḃur gcosa mar ḟiaḋnaise ina n-aġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus pé duine ná glacfaiḋ siḃ nó na h-éistfiḋ liḃ, imṫiġiḋ as an áit sin agus deiniḋ an ceó ċroṫaḋ d’ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n-a gcoinniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:11
20 Iomraidhean Croise  

Agus adeirim‐se liḃ, Gaċ focal díoṁaoin laḃarfas daoine, caiṫfiḋ siad cunntas do ṫaḃairt ann, lá an ḃreiṫeaṁnais.


Agus aduḃairt sé leo, Cibé áit ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, fanaiḋ ann nó go raiḃ siḃ ag imṫeaċt ó’n áit sin.


Agus cibé daoine naċ nglacfaiḋ ċuca siḃ, ag imṫeaċt as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.


Agus nuair do ċuireadar ’n‐a ċoinniḃ, ag cainnt go masluiġṫeaċ, do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ, agus aduḃairt sé leo, Ar ḃúr gceann féin go raiḃ ḃúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amaċ raċfad ċum na gCineaḋaċ.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.


Aċt do réir do ḋúine agus do ċroiḋe aindiuidiġ atáir ag cur feirge i dtaisce ḋuit féin fá ċóṁair lae na diḃeirge, nuair foillseoċar ceart‐ḃreiṫeaṁnas Dé:


agus ag déanaṁ luaiṫreáin de ċaṫraċaiḃ Ṡodoim agus Ġomorra, gur ḋaor sé ċum léirscriosta iad, ag déanaṁ sompla ḋíoḃ ḋóiḃ‐sean do ċaiṫfeaḋ saoġal neiṁ‐ḋiaḋa ’n‐a ḋiaiḋ sin;


is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais;


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Is mar sin curtar a ġráḋ i gcriċ ionnainn, ċum go mbéiḋ uċtaċ againn i lá an ḃreiṫeaṁnais; de ḃriġ go mbímíd san tsaoġal mar ḃíonn seisean.


Sodam agus Gomorra, agus na caṫraċa ’n‐a dtimċeall, mar an gcéadna, do lean de striapaċas agus de ċuirpṫeaċt ṁí‐nádúrṫa, tugaḋ iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineaḋ síorraiḋe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan