Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 5:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus d’imṫiġ sé i n‐éinḟeaċt leis; agus do lean sluaġ mór é, agus do ḃíodar ag brúġaḋ air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus ċuaiḋ sé leis, agus lean sluaġ mór é, agus ḃí siad ġá ḃrúġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus d’imṫiġ sé ‘n-a ṫeannta, agus ċuaiḋ mórán daoine i n-aonḟeaċt leis, agus ḃíodar ag brúṫ air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus do imṫiġ Iósa leis; agus do lean slúaġ mór é, agus do ḃadar dá ḃruġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 5:24
12 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig sé isteaċ i dtiġ. Agus do ċruinniġ an sluaġ arís, i dtreo nárḃ ḟéidir ḋóiḃ fiú biaḋ do ċaiṫeaṁ.


agus aduḃairt sé leis i n‐aṫċuinġeaċaiḃ, Aṫa m’inġean ḃeag i rioċtaiḃ báis: impiġim ort teaċt agus do láṁ do ċur uirṫi, ċum go leiġeasfaiḋe í, agus go mairfeaḋ sí.


Agus do ḃí bean ann ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag,


Agus aduḃairt a ḋeisceabail leis, Do‐ċí tú an sluaġ ag brúġaḋ ort, agus fiafruiġeann tú, Cé ḃain liom?


Agus nuair do ḃí na sluaiġte ag cruinniú ċuige, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leo, Droċ‐ċineaḋ is eaḋ an cineaḋ so: atá sé ag tóraiḋeaċt cóṁarṫa; agus ní taḃarfar cóṁarṫa ḋó aċt cóṁarṫa Iónáis.


Fá’n am sin, nuair do ḃí na mílte móra ag cruinniú le ċéile, i dtreo go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ le n‐a ḋeisceablaiḃ ar dtús, Seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, is é sin an fuar‐ċráḃaḋ.


Agus do ḃí fonn air a ḟeicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor ḟéad sé mar ġeall ar an sluaġ, mar fear beag íseal do b’eaḋ é.


Agus do‐ċuaiḋ Íosa i n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair naċ raiḃ sé i ḃfad ó’n tiġ, do ċuir an ceanntúir cáirde leis ċuige, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteaċ fám’ ḋíon:


óir do ḃí inġean aṁáin aige agus í tuairim ḋá ḃliaḋain déag d’aois, agus do ḃí sí ’n‐a luiġe i rioċtaiḃ báis. Aċt sa tsiuḃal dó do ḃí an sluaġ ag brúġaḋ air.


Agus aduḃairt Íosa, Cia h‐é do ḃain liom? Agus nuair ṡéan gaċ uile ḋuine é, aduḃairt Peadar agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, A Ṁáiġistir, atá na sluaiġte ag teannaḋ umat agus ag brúġaḋ ort.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan