Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 5:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 agus aduḃairt sé leis i n‐aṫċuinġeaċaiḃ, Aṫa m’inġean ḃeag i rioċtaiḃ báis: impiġim ort teaċt agus do láṁ do ċur uirṫi, ċum go leiġeasfaiḋe í, agus go mairfeaḋ sí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ġuiḋ sé é go dian, ag ráḋ: Tá mo inġean i rioċt an: ḃáis, tar, cuir do láṁ uirṫí, ċun go raiḃ sí slán agus go mairiḋ sí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus d’iarr sé aċainíġe air, agus duḃairt: Tá m’inġean ag dul ċun báis; tar agus cuir do láṁ uirṫi ionas go leiġisfí í agus go mairfeaḋ sí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus do ġuiḋ sé é go roiġér, ag ráḋ, A tá minġean ḃeag a bponc ḃáis: tárr agus cuir do láṁa uirrṫe, do ċum go sláineoċaiḋe í; agus go mairfeaḋ sí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 5:23
26 Iomraidhean Croise  

Agus do ṡín sé amaċ a láṁ, agus do ċuir sé air í, g‐á ráḋ, Is áil liom é; glantar ṫú. Agus ar an láṫair do glanaḋ é ó’n loḃra.


tógfaid naṫraċa niṁe: agus má ólaid aon niḋ marḃṫaċ, ní ḋéanfaiḋ sé doċar ar biṫ ḋóiḃ; cuirfid a láṁa ar na daoiniḃ breoite agus leiġeasfar iad.


Agus d’imṫiġ sé i n‐éinḟeaċt leis; agus do lean sluaġ mór é, agus do ḃíodar ag brúġaḋ air.


Agus do ċaiṫeadar mórán deaṁan amaċ, agus do ċuireadar ola ar ṁórán daoine do ḃí breoite, agus do leiġeasadar iad.


Agus ṫugadar ċuige duine do ḃí boḋar, balḃ; agus d’impiḋeadar air a láṁ do ċur air.


Agus do rug sé ar láiṁ ar an dall, agus do ṫreoruiġ sé as an mbaile amaċ é; agus nuair do ċuir sé seile ar a ṡúiliḃ, do leag sé a láṁa air, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe An ḃfeiceann tú aon niḋ?


Agus do ċuir sé a láṁa uirṫi: agus ar an láṫair d’éiriġ sí díreaċ, agus ṫug sí glóir do Ḋia.


Nuair d’éiriġ sé, ag imṫeaċt ó’n tsionagóig dó, do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡíomóin. Agus do ḃí fiaḃras trom ar ṁáṫair mná Ṡíomóin; agus do ċuireadar aṫċuinġe ar a son air.


Agus ag dul faoi do’n ġréin, na daoine go raiḃ muinntear leo tinn le galaraiḃ ar biṫ, ṫugadar ċuige iad; agus do ċuir sé a láṁa ar gaċ duine aca, agus do leiġeas sé iad.


Agus nuair do ḃí sé ag teaċt i ngar do ġeata na caṫraċ, féaċ, do ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aon‐ṁac a ṁáṫar, agus ise ’n‐a baintreaḃaiġ: agus do ḃí mórán de ṁuinntir na caṫsaċ ’n‐a foċair.


Agus do ċuir an ḃeirt deirḃṡiúr teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, féaċ, an té is ionṁain leat atá sé breoite.


Agus ṫarla go raiḃ aṫair Ṗubliuis tinn ’n‐a luiġe le fiaḃras agus le flosc: agus do ċuaiḋ Pól isteaċ ċuige, agus do ġuiḋ sé ar a ṡon, agus do ċuir sé a láṁa air, agus do leiġeas sé é.


do ċuireadar iad sin i láṫair na n‐abstal: agus, tar éis dóiḃ guiḋe do ḋéanaṁ, do ċuireadar a láṁa orṫa.


Annsin do ċuireadar a láṁa orṫa, agus do ġlacadar an Spiorad Naoṁ.


agus do ċonnaic sé fear dar ab ainm Ananias ag teaċt isteaċ, agus ag cur a láṁ air, ċum go ḃfaiġeaḋ sé a raḋarc.


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan