Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 5:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair ṫáinig sé amaċ as an mbád, ar an láṫair do casaḋ ’n‐a ṫreo fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan, agus é ag teaċt as na tuamaiḃ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ag dul amaċ as an luing dó, casaḋ air láiṫreaċ duine a raiḃ spiorad neaṁġlan ann ag teaċt as na tuambaí,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus nuair a ṫáinig sé amaċ as an luing do ḃuail uime duine agus é ag teaċt as na h-uaġnaiḃ, agus ḃí deaṁan ann,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ar ndul a maċ ḋó as an luing, ar an mball tárla duine an a raiḃ spiorad neaṁġlan air, ag teaċd as na tuámuiġiḃ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 5:2
13 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan; agus do ġlaoḋ seisean amaċ agus aduḃairt,


Agus do réab an spioraid neaṁ‐ġlan é, agus, ag screadaiġ de ġuṫ árd dí, ṫáinig sí amaċ as.


óir adubradar, Is spioraid neaṁ‐ġlan atá ann.


Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ bád beag do ċoiṁéad i gcóṁair ḋó i gcóṁnaiḋe, mar ġeall ar an sluaġ, ar eagla go mbrúġfaidís é;


Agus do ṫosnuiġ sé aris ar ṫeagasc do ḋéanaṁ cois na fairrge. Agus do ċruinniġ sluaġ an‐ṁór ċuige, i dtreo go ndeaċaiḋ sé isteaċ i mbád, agus gur ṡuiḋ sé ann ar an ḃfairrge; agus do ḃí an sluaġ uile ar an talaṁ, le h‐ais na fairrge.


Agus ag fágáil an tsluaiġ ḋóiḃ, ṫugadar leo é, mar do ḃí sé, sa mbád.


Agus nuair do ċuaiḋ Íosa ṫar ais arís go dtí an taoḃ eile, do ċruinniġ sluaġ mór ċuige: agus do ḃi sé ar ḃruaċ na fairrge.


fear do ċóṁnuiġeaḋ ins na tuamaiḃ; agus níor ḟéad duine ar biṫ a ċeangal, le slaḃraḋ féin;


Óir aduḃairt sé leis, A spioraid neaṁ‐ġlan, tar amaċ as an ḃfear.


Aċt ar an láṫair, ṫáinig bean go raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan ’n‐a h‐inġin ḃig, nuair do‐ċuala sí ’n‐a ṫaoḃ, ṫáinig sí ċuige, agus do ċaiṫ sí í féin ag a ċosaiḃ.


Agus nuair ṫáinig sé i dtír, do casaḋ air fear áiriṫe as an gcaṫair go raiḃ deaṁain ann; agus naċ raiḃ éadaiġe air ar feaḋ i ḃfad, agus nár ċóṁnuiġ i n‐aon tiġ, aċt aṁáin ins na tuamaiḃ.


Agus ag teaċt ċuige ḋó, do leag an deaṁan ar lár é, agus do ṫarraing sé as a ċéile é. Aċt do smaċtuiġ Íosa an spioraid neaṁ‐ġlan, agus do leiġeas sé an buaċaill, agus ṫug sé ar ais d’á aṫair é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan