Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe i measc an drisliġ, agus d’ḟás an drisleaċ suas, agus do ṫaċt é, agus ní ṫug sé aon toraḋ uaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ṫuit tuilleaḋ fríd na dreasógaí, agus dʼḟás na dreasógaí gur ṗlúċ siad é, agus ní ṫug sé toraḋ uaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus ṫuit tuille ḋe ins na sgeaċaiḃ, agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar an ċuid sin, agus níor ṫug sé toraḋ uaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidir ṁuineaċ, agus deirġeadar an muineaċ súas, agus do ṫaċdadar é, agus ní ṫug sé toraḋ úaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:7
14 Iomraidhean Croise  

Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa drisleaċ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar; agus taċtann cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an drisleaċ; agus d’ḟás an drisleaċ, agus do ṫaċt sé é;


agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an talaṁ maiṫ, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fá ċéad, cuid eile fá ṫrí fiċid, cuid eile fá ṫrioċaid.


agus nuair d’éiriġ an ġrian, do dóiġeaḋ é; agus de ḃriġ naċ raiḃ aon ḟréaṁ aige, d’ḟeoġ sé.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an talaṁ maiṫ, agus ṫug sé toraḋ, d’ḟás agus d’éiriġ, cuid de fá ṫrioċaid, cuid de fá ṫrí fiċid, agus cuid de fá ċéad.


Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe i measc an drisliġ; agus d’ḟás an drisleaċ i n‐éinḟeaċt leis, agus do ṫaċt sé é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan