Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus do ġaḃ eagla an‐ṁór iad, agus aduḃradar le ċéile, Cia h‐é seo, go n‐uṁluiġeann gaoṫ agus fairrge ḋó?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus do ġaḃ eagla ṁór íadsan, agus a duḃradar ré ċeile, Cía hé an fear so, agá ndéanann an ġáóṫ féin, agus an ḟairrge fós úṁlaċd dó?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:41
17 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ṫángadar isteaċ sa mbád, do stad an ġaoṫ.


Agus do ġaḃ iongnaḋ an‐ṁór na daoine, agus aduḃradar, cia h‐é an fear so go n‐uṁluiġeann na gaoṫa agus an ḟairrge féin dó?


Agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ? An é naċ ḃfuil creideaṁ agaiḃ fós?


Agus ṫángadar go dtí an bruaċ eile de’n ḟairrge, go críċ na nGerasénaċ.


Aċt ṫáinig criṫ‐eagla ar an mnaoi, óir do ḃí a ḟios aici créad tarla ḋí, agus ṫáinig sí agus do ṡléaċt sí ḋó, agus d’innis sí an ḟírinne iomlán dó.


Agus do ḃí iongnaḋ an‐ṁór orṫa, agus aduḃradar, Do‐rinne sé gaċ uile niḋ go maiṫ: do‐ḃeir sé éisteaċt do ḃoḋránaiḃ, agus cainnt do ḃalḃánaiḃ.


Agus do ġaḃ uaṫḃás iad uile, agus do ḃíodar ag laḃairt le ċéile, g‐á ráḋ, Cad is ciall do’n ċainnt seo? óir is le h‐uġdáras agus le cuṁaċt do‐ḃeir sé órdú do na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, agus tigeann siad amaċ.


Agus aduḃairt sé leo, Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Agus do ḃí eagla orṫa agus do ḃí iongnaḋ mór orṫa, agus iad g‐á ráḋ le n‐a ċéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaoṫaiḃ agus do na tonnaiḃ féin, agus go n‐uṁluiġid dó?


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Cia h‐é naċ mbéiḋ eagla air róṁat, a Ṫiġearna, agus naċ dtiuḃraiḋ glóir dot’ ainm? Óir is tusa aṁáin atá naoṁṫa; agus tiocfaiḋ na ciniḋeaċa uile agus sléaċtfaiḋ siad róṁat; óir atá do ḃreiṫeaṁnaisí lán‐ḟoillsiġṫe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan