Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 agus ní ḟuil fréaṁ aca ionnta féin, aċt seasann siad ar feaḋ tamaill; annsin, nuair éiriġeas trioblóid nó géir‐leanaṁain mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann siad scannal ar an láṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus ní ḟuil fréaṁ acu ionnta féin, aċt tá siad neambuan; annsin, nuair a ṫig trioblóid agus géirleanaṁaint mar ġeall ar an ḃriaṫar, glacann siad scainneal ar an ḃomaite.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus ní’l an ṗréaṁ acu ionta féin, aċ seasuiġid siad ar feaḋ tamaill; ansan, nuair a ṫagann an trioblóid, agus an caṫ d’á ċur orṫa mar ġeall ar an mbriaṫar, glacaid siad sgannal láiṫreaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus ní ḃfuil fréuṁ aca ionnta féin, aċd fanuid ar feaḋ tamuill: agus na ḋiáiġ sin, an tan éirġeas trioblóid agus buáiḋirt tríd an mbréiṫir, ar an mball do ġeiḃid síad oilḃéim.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:17
23 Iomraidhean Croise  

Agus is beannuiġṫe an té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnam‐sa.


D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Maiṫfear do na daoiniḃ gaċ peacaḋ agus gaċ dia‐ṁaslaḋ; aċt dia‐ṁaslaḋ i n‐aġaiḋ an Spioraid ní maiṫfear dóiḃ é.


aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair.


Agus ar an gcuma ċéadna, na daoine gur cuireaḋ an síol i n‐áiteannaiḃ cloċaċa ionnta, is iad‐san na daoine ġlacas ċuca an briaṫar ar an láṫair le h‐áṫas nuair a ċloiseas siad é;


Agus atá daoine eile go gcurtar an síol sa drisleaċ ionnta; is iad‐san na daoine éisteas leis an mbriaṫar,


Agus cibé duine laḃarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é: aċt an té adéarfas dia‐ṁaslaḋ i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó‐san e.


Agus aduḃairt Íosa leis na h‐Iúdaċaiḃ do ċreid ann, Má ċlaoiḋeann siḃ lem’ ḃriaṫraiḃ, go fírinneaċ is deisceabail agam siḃ;


An dream gur mian leo éirġe go mórḋálaċ san ḃfeoil, cuireann siad d’ḟiaċaiḃ oraiḃ timċeall‐ġearraḋ do ḋéanaṁ; sin ċum naċ ndéanfiḋe géirleanṁain orṫa ar son croise Críost.


Is eol duit gur ṫréig a raiḃ san Áise mé; daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Figelus agus Hermogenés.


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


Ag pléiḋe mo ċúise ḋom de’n ċéad uair níor ċuidiġ aoinneaċ liom, aċt do ṫréigeadar uile mé: nár agarṫar orṫa é.


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan