Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus ar an láṫair, ar n‐a ḟeiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an maċtnaṁ do ḃi ’n‐a n‐aigne aca, aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeit ag maċtnaṁ mar sin i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ ina Spiorad féin go raiḃ siad ag maċtnaṁ mar sin ina n-aigne, agus deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ ar na neiṫe sin i ḃur gcroiḋṫe?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ, i n-a spioraid féin, an maċtnaṁ a ḃeiṫ ’n-a n-aigne acu-san, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an maċtnaṁ san a ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus ar an mball ar na aiṫne Diósa an a spíoraid féin go raḃadarsan ag smuáintiuġaḋ mar sin ionnta féin, a duḃairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neiṫesi an ḃur gcroiḋṫiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:8
23 Iomraidhean Croise  

Agus ar n‐a ḟeicsin sin d’Íosa, d’imṫiġ sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Agus do‐rinneadar maċtnaṁ eadorṫa féin, g‐á ráḋ, Ní ṫugamar aon arán linn. Agus ṫug Íosa fá deara é,


Agus nuair ṫug Íosa fá ndeara na smaointe do ḃí aca, aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag smaoineaḋ go h‐olc i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?


Cad ċuige a laḃrann an fear so mar sin? dia‐ṁaslaḋ atá aige d’á ḋéanaṁ: cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ aċt Dia aṁáin?


Cia is fusa, a ráḋ leis an ḃfear pairiliseaċ, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus tóg do leaba, agus siuḃal?


Óir is ó’n taoḃ istiġ, amaċ as croiḋe an duine, ṫig droċ‐smaointe, agus striapaċas, agus goid, agus dúnṁarḃaḋ,


Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a ḃfuil buaiḋirt oraiḃ? agus cad ċuige a ḃfuil ceisteanna ag éirġe i n‐ḃúr gcroiḋe?


Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?


Aċt d’aiṫniġ seisean a smaointe; agus aduḃairt sé le fear na láiṁe seargṫa, Éiriġ id’ ṡeasaṁ, agus seas i lár baill.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


Aċt atá cuid agaiḃ naċ gcreideans. Óir do ḃí a ḟios ag Íosa ó ṫosaċ cia’rḃ iad nár ċreid, agus cia’rḃ é do ḃí ċum é do ḃraiṫ.


Aċt aduḃairt Peadar, A Ananiais, cad ċuige ar líon Sátan do ċroiḋe, go n‐innseoċá bréag do’n Spiorad Naoṁ, agus cuid de luaċ na talṁan do ċongḃáil?


Déan aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, san gcuirpṫeaċt so agat, agus cuir guiḋe ċum Dé, le súil go maiṫfiḋe ḋuit smaoineaḋ do ċroiḋe.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan