Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé leo, Ní h‐ag daoiniḃ sláinteaṁla atá gáḃaḋ le liaiġ, aċt ag daoiniḃ breoite: ní ċum na fíréin do ġlaoḋaċ ṫánag‐sa, aċt ċum na peacaiġ do ġlaoḋaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Ar a ċluinstin seo do Íosa deir sé leo: Ní ar na daoine slána a ḃíos liaiġ do ḋíṫ aċt ar na daoine breoiḋte; óir ní ṫáinic mise le glaoḋaċ ar ḟíréin aċt ar peacaiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 D’airiġ Íosa san, agus duḃairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gáḋ le doċtúir aċ ag daoine gan sláinte. Ní ċun na ḃfíoraon do ġlaoḋaċ a ṫánag-sa aċ ċun na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus an tan do ċúaluiḋ Iósa so, a duḃairt sé ríu, Ni ḃfuil ríaċdanus ag na dáoiniḃ slána ré liaiġ, aċd ag na dáoiniḃ easlán. Ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfiréunaċ, aċd na bpeacaċ ċum aiṫríġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:17
21 Iomraidhean Croise  

Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.


Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé le n‐a aṫair, Féaċ, atáim‐se ag obair ḋuit na bliaḋanta fada so, agus níor ṡáruiġeas t’órdú riaṁ: agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ní ṫugais oiread agus meannán dom ċum go ndéanfainn súḃaċas lem’ ċáirdiḃ:


Adeirim liḃ gur ab ar an gcuma ċéadna ḃéas áṫas ar neaṁ mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe, seaċas naoi ḃfíréin déag agus ceiṫre fiċid naċ ḃfuil gáḃaḋ le h‐aiṫriġe aca.


Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Óir ṫáinig Mac an Duine ċum a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú.


D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is i bpeacaiḋiḃ ar fad rugaḋ ṫusa, agus an ag taḃairt teagaisc dúinne atáir? Agus do ċaiṫeadar amaċ é.


Do‐ċuala cuid de na Fairisíneaċaiḃ do ḃí ’n‐a ḟoċair é sin, agus aduḃradar leis, An ḃfuilmíd‐ne dall, leis?


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan