Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus nuair do ċonnaic scríoḃaiḋṫe na ḃFairisíneaċ é ag ċaiṫeaṁ biḋ i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ, aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Atá sé ag iṫe agus ag ól i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus nuair a ċonnaic na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ é ag caiṫeaṁ bíḋ i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ, ḋuḃairt siad le n-a ḋeisciobail: Cad ċuige a ḃfuil ḃur máiġistir ag iṫe agus ag ól i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus nuair a ċíoḋ na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ é ag caiṫeaṁ bíḋ i gcuiḃreann puibliocánaċ agus peacaċ, deiridís le n-a ḋeisgiobuil: Cad ċuige d’ḃúr máiġistir-se ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuiḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus an tan do ċonncadar na gríobuiḋe, agus na Ṗairisíniġ eision ag caiṫeaṁ bíḋ a ḃfoċair na bpubliocá agus na bpeacaċ, a duḃradar ré na ḋeisciobluiḃ, Créd fá níṫeann agus fá niḃeann sé a ḃfoċair na bpubliocán agus na bpeacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:16
14 Iomraidhean Croise  

Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.


Óir má ṫugann siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean aṁáin ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ‐se, créad atá tuillte agaiḃ ḋá ḃárr? Naċ ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Agus nuair do ċonnaic na Fairisíniġ sin aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Cad ċuige a n‐iṫeann ḃúr Máiġistir biaḋ i ḃfoċair na bpoibleacán agus na bpeacaċ?


Agus tarla, nuair do ṡuiḋ sé ċum biḋ ’n‐a ṫiġ‐sean, gur ṡuiḋ mórán poibleacán agus peacaċ i gcuideaċtain Íosa agus a ḋeisceabal: óir do ḃí a lán aca ann agus iad ’g‐a leanaṁain.


Cad ċuige a laḃrann an fear so mar sin? dia‐ṁaslaḋ atá aige d’á ḋéanaṁ: cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ aċt Dia aṁáin?


Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Óir ṫáinig Mac an Duine ċum a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú.


Agus nuair do ċonnacadar uile sin, do ḃíodar ag ceisneaṁ go mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Do ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt isteaċ ag fear atá ’n‐a ṗeacaċ.


Agus do ḃí na Fairisíniġ agus a scríoḃaiḋṫe ag ceasaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cad ċuige ḋaoiḃ‐se ḃeiṫ ag ól agus ag iṫe i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ?


agus do ṗreab cuid de scríoḃaiḋṫiḃ na ḃFairisíneaċ ’n‐a seasaṁ, agus do laḃradar go colgaċ, g‐á ráḋ, Ní ḟaiġmíd‐ne olc ar biṫ san duine seo: agus má laḃair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar ġeall air?


Aċt an té atá spioradálta breaṫnuiġeann sé an uile niḋ, agus ní ḟuil sé fá ḃreiṫ duine ar biṫ.


Óir saṁluiġiḋ liḃ féin an té gur cuireaḋ cóṁ mór sin ’n‐a ċoinniḃ, agus peacaiġ g‐á ṡéanaḋ, ċum naċ n‐éireoċaiḋ siḃ lag, claoiḋte ’n‐ḃur n‐anmannaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan