Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 16:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus i ndiaiḋ é laḃairt leo, tógaḋ an Tiġearna Íosa suas ar neaṁ, agus tá sé ina ṡuiḋe ar ḋeis Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus an Tiġearna Íosa, tar éis laḃarṫa leó ḋó, do tógaḋ suas ar neaṁ é, agus tá sé ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus tar éis an Tiġearna do laḃairt ríu, do gaḃaḋ súas ar neaṁ a rís é, agus do ṡuiḋ sé ar deis láiṁ Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 16:19
37 Iomraidhean Croise  

Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċraoḃscaoileadar ins gaċ uile áit, an Tiġearna ag cóṁoibriú leo, agus ag neartú an ḃriaṫair leis na cóṁarṫaiḃ do lean é.


Aċt ó’n tráṫ so amaċ béiḋ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis cuṁaċta Dé. Agus aduḃradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á ḃriġ sin?


Agus ṫarla, nuair do ḃí am a ḋeasgaḃála ag teaċt i ngiorraċt dó, gur ġlac sé de rún daingean aġaiḋ do ṫaḃairt ar Iarúsalem, agus do ċuir sé teaċtairí roiṁe:


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


Aċt atáim ag teaċt ċugat anois; agus atáim ag laḃairt ar an gcuma so san tsaoġal, ċum go mbéaḋ m’áṫas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Annsin, nuair do ḃí iṫte aca, aduḃairt Íosa le Peadar, A Ṡíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Aduḃairt seisean leis, Is eaḋ, a Ṫiġearna is eol duit gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt sé leis, Beaṫuiġ m’uain.


Aduḃairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’ḟanaṁain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?


Agus dá ḃfeiceaḋ siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?


ag tosnú ó ḃaisteaḋ Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógaḋ suas uainn é, caiṫfiḋ duine aca ḃeiṫ ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar a aiséirġe.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


an té gur dual do na flaiṫeasaiḃ a ġlacaḋ go dtí na tráṫa ’n‐a n‐aiseagfar gaċ éinniḋ, mar do laḃair Dia ’n‐a ṫaoḃ tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé.


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.


mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ,


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan