Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 16:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 An té a ċreidfeas agus a ḃaistfear, slánóċar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, damnóċar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 An té a ċreidḟiḋ agus a baistfar saorfar é: an té, áṁ, ná creidfiḋ, daorfar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Giḋ bé ċreidfeas agus ḃaisdfiṫear slainéoċṫar é; aċd giḋ bé naċ ccreidfi daiméontar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 16:16
36 Iomraidhean Croise  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


agus é ’g‐a ráḋ, Atá an t‐am cóiṁlíonta, agus atá ríoġaċt Dé druidṫe linn: déanaiḋ aiṫriġe, agus creidiḋ do’n tsoiscéal.


Iad‐san atá le h‐ais an ḃealaiġ is iad na daoine éisteas; annsin tig an diaḃal, agus tógann sé an briaṫar as a gcroiḋe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaiḋe iad.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té do ċuir sé uaiḋ.


Aduḃairt Íosa leo, Is mise arán na beaṫaḋ: an té ṫig ċugam‐sa, ní ḃéiḋ ocras go bráṫ air, agus an té ċreideas ionnam‐sa, ní ḃéiḋ tart go bráṫ air.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ, go ḃfaiġiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaiḋiḃ: óir muna gcreideann siḃ gur mise é, ġeoḃaiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaiḋiḃ.


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam.


Agus cad ċuige an ṁoill sin ort anois? éiriġ, baistṫear ṫú, agus niġ ḋíot do ṗeacaiḋe, ag glaoḋaċ ar a ainm.


Nár leigiḋ Dia é: mar annsin cionnas ḃéarfas Dia breiṫ ar an saoġal?


aċt ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirṁfear é, má ċreidimíd san té do ṫóg Íosa ár dTiġearna ó na marḃaiḃ, eisean a tugaḋ suas i n‐éiric ár gcionnta,


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


ċum gaċ dream nár ċreid an ḟírinne aċt do ċuir dúil san éagcóir, do ṫaḃairt fá ḃreiṫeaṁnas.


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan